28 Márta 2007: Toghann aosdána 15 bhall nua, lena n-áirítear, den chéad uair, córagrafadóirí

Aosdána, an cleamhnú d'ealaíontóirí cruthaitheacha gafa le litríocht, leis na hamharcealaíona, le hailtireacht agus anois ó inniu ar aghaidh - le córagrafadóireacht. Thogh Aosdána 15 bhall nua ag an Tionól Ginearálta san Ospidéal Ríoga, Cill Mhaighneann inniu, Dé Céadaoin (28 Márta 2007); tá na hainmneacha ceangailte.

Bhunaigh an Chomhairle Ealaíon Aosdána i 1981 chun onóir a thabhairt do na healaíontóirí sin a bhí ag cur go mór le cúrsaí ealaíne in Éirinn agus chun spreagadh agus cuidiú a thabhairt do bhaill a gcuid fuinnimh a chaitheamh go hiomlán i mbun ealaíne. Tá ballraíocht san eagraíocht seo teoranta do 250 ealaíontóir atá beo, a bhfuil saothar ar leith curtha i gcrích acu. Cinntear an bhallraíocht trí phiarainmniúchán agus toghchán. Le bheith ina bhall den eagraíocht, ní mór gur rugadh an duine in Éirinn nó go bhfuil sé/sí ina c(h)ónaí anseo ar feadh cúig bliana. Tá baill Aosdána atá ina gcónaí in Éirinn incháilithe 'cnuas' a aimsiú ón gComhairle Ealaíon - blianacht ar feadh tréimhse cúig bliana - chun cuidiú leo díriú ar a gcuid ama agus fuinnimh a thabhairt go lánaimseartha i mbun ealaíne. Tabharfaidh na hainmnithe nua-thofa ballraíocht reatha Aosdána go dtí 227.

Ag trácht ar thoghchán an lae inniu di, rinne Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, Mary Cloake, comhghairdeas leis na baill nuathofa agus dúirt sí: 'seo lá eisceachtúil do chóragrafadóirí in Éirinn go háirithe, le ceapachán Cindy Cummings agus David Bolger; is ócáid thábhachtach é seo i stair Aosdána.'

 

Toghchan an tSaoi

Ag Tionól Ginearálta an lae inniu, fógraíodh go raibh an péintéir, Patrick Scott, tofa mar Shaoi. Bronntar onóir an tSaoi do ghradamúlacht leanúnach agus ar leith sna healaíona: ní bhíonn an onóir seo ach ag cúig ealaíontóir ag aon am amháin. Is iad na ceithre Saoithe eile ná: Louis le Brocquy, Seamus Heaney, Anthony Cronin agus Brian Friel.

 

Comhaltaí Nua Aosdána

• David Bolger - Córagrafaíocht
• Eamon Colman - Amharcealaíona
• Cindy Cummins - Córagrafaíocht
• Shane de Blacam - Ailtireacht
• Brian Henderson - Amharcealaíona
• Bernadette Kiely - Amharcealaíona
• Trevor Knight - Ceol
• John McLachlan - Ceol
• Ciaran ODriscoll - Litríocht
• Paul Mosse - Amharcealaíona
• Vivienne Dick - Amharcealaíona
• Kerry Hardie - Litríocht
• Pat Harris - Amharcealaíona
• Donal OKelly - Litríocht

CRÍOCH.

Arna heisiúint ag: Joe Stuart, Oifigeach Preasa agus Cumarsáide, An Chomhairle Ealaíon, Teil. 01 6180 235

Clonmel Junction Festival
arrow bullet iconCompántas rince Yelemba ón gCósta Eabhair – Comhfhéile Chluain Meala.
Foilseacháin le déanaí
22 Aibreán 2014: Title (GA) (PDF, )
15 Aibreán 2014: Irish Arts Sector - Private Investment Report (PDF, 1.16 MB)
10 Aibreán 2014: Tuarascáil Pras Íocaíocht 2014 (ráithe 1) (PDF, 0.46 MB)