Is cúis mhór bróin don Chomhairle Ealaíon bás an iar-bhaill Vincent Ferguson, a bhí ina bhall den Chomhairle Ealaíon ó 1984 – 1988.
Rugadh an tUasal Ferguson i gCo. Shligigh agus ba fhear gnó agus bailitheoir ealaíne clúiteach a bhí ann. Bhronn Vincent agus a bhanchéile Noeleen 35 saothar le healaíontóirí Éireannacha ar Mhúsaem Nua-Ealaíne na hÉireann i 1997.
Ag labhairt faoina bhás, dúirt Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, Mary Cloake: “Bhí aitheantas ag Vincent mar dhuine a thug tacaíocht do na healaíona, bhí sé ina chrann taca ag ealaíontóirí agus níor lig sé deis ar bith thairis chun leas na n-amharcealaíon a dhéanamh. Cuirimid ár gcomhbhrón in iúl dá bhean Noeleen agus dá chlann.”