18 Eanáir 2007: Is oth leis an gComhairle Ealaíon an t-iriseoir, Seán Mac Réamoinn, a bheith ar shlí na fírinne

Cuireann an Chomhairle Ealaíon a brón in iúl faoi bhás Sheáin Mhic Réamoinn, a bhásaigh maidin inné agus é 85 bliain d'aois.

Bhí sé ar dhuine de phríomhchraoltóirí agus iriseoirí na hÉireann sa Ghaeilge agus sa Bhéarla. Thosaigh sé ag obair le Radio Éireann i 1947 agus d'oibrigh sé leis an aonad craolacháin seachtrach in éineacht leis an mbéaloideasóir agus ceoltóir traidisiúnta Séamus Ennis. Ba dhuine ceannasach é in RTÉ ar feadh blianta fada áit a raibh roinnt post sinsearach riaracháin aige.

Ag labhairt di inniu, dúirt, Mary Cloake, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, “Bhí baint ag Seán Mac Réamoinn le go leor gnéithe den saol cultúrtha, idir An Taibhdhearc agus Cumann Merriman. Aireoidh a chairde agus a chomhghleacaithe go léir uathu go mór é. Cuirimid ár gcomhbhrón in iúl dá bhean Patricia agus dá chlann.”

Críoch.

Arna eisiúint ag:
Joe Stuart,
Oifigeach Preasa agus Cumarsáide
An Chomhairle Ealaíon
01-618 0235

Clonmel Junction Festival
arrow bullet iconCompántas rince Yelemba ón gCósta Eabhair – Comhfhéile Chluain Meala.
Foilseacháin le déanaí
09 Aibreán 2013: Arts Council Prompt Payments Report January-March 2013 (PDF, )
09 Eanáir 2013: Title (GA) (PDF, )
14 Nollaig 2012: Review of theatrical presentations of curriculum plays for second-level school audiences (PDF, 3.30 MB)