Rinne an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas le Toner Quinn, Eagarthóir The Journal of Music as an Utne Independent Press Award a bhuachan sa chatagóir Clúdach ar na hEalaíona.
Tugann an duais aitheantas do chaighdeán an fhoilseacháin go hidirnáisiúnta. Clúdaítear raon leathan seánraí ceoil san iris, rud nach ndéanann a lán irisí eile. De bhua na hacmhainne atá ag an iris na teorainneacha traidisiúnta idir seánraí a shárú gan stró agus le cinseal, tá The Journal of Music tar éis spéis ceoltóirí agus daoine ar breá leo an ceol a mhúscailt ó raon cúlraí an-leathan go deo. In ailt a scríobhann ceoltóirí ach a dhírítear ar gach léitheoir, tugann an iris seo léargas níos leithne don léitheoir maidir le cúrsaí ceoil. Cuirtear i láthair na daoine a chumann an ceol, a sheinneann é agus a oibríonn leis.
Arís eile, tá teachtaireacht shoiléir, shimplí le fáil ó na gradaim seo maidir le cáil idirnáisiúnta na hÉireann: tá tábhacht leis na healaíona.