Ag labhairt di faoin scéal go raibh UNESCO tar éis Baile Átha Cliath a ainmniú go buan ina Chathair Litríochta, dúirt Mary Cloake, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon:
"Fógra iontach corraitheach é seo, fógra a dheimhníonn rud a bhí a fhios cheana: go bhfuil cáil ar Bhaile Átha Cliath ar fud an domhain faoina litríocht agus gur cathair scríbhneoirí agus scríbhneoireachta í an chathair seo.
"Tá cumhacht as cuimse ag an litríocht sinne a shonrú mar chultúr agus mar phobal, cabhraíonn sí linn an daonnacht atá ionainn a thuiscint. I mBaile Átha Cliath, tá an chathair sainléirithe ag a cuid scríbhneoirí agus bíonn sí á hathchruthú agus á tabhairt chun solais i gcónaí trína gcuid focal.
"Níl ceist ar bith faoi oidhreacht liteartha Bhaile Átha Cliath. Ach is cathair bheo fhuinniúil litríochta freisin í. B’fhéidir gurb í an ghlúin scríbhneoirí atá thuas anois an ghlúin is corraithí, is tiomanta, agus is mó tallann le roinnt deicheanna de bhlianta, agus is dochreidte an dúthracht agus an tiomantas atá ag léitheoirí na tíre seo. Is é an dúshlán atá romhainn anois taca agus cothú a thabhairt don tallann agus don dúthracht sin, le deimhin a dhéanamh de go mbeidh an teideal chomh cuí dlisteanach amach anseo agus atá sé inniu.