27 Bealtaine 2010: Déanann an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas le hAiltirí DEPAOR

Déanann an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas le hAiltirí dePaor de bhrí gurb é an chéad chleachtas as Éirinn a bhfuil cuireadh faighte aige a bheith páirteach sa phríomhthaispeántas ag an 12ú Taispeántas Ailtireachta Idirnáisiúnta - La Biennale di Venezia.

Dúirt Claire Doyle, Ceann Ailtireachta sa Chomhairle Ealaíon: ‘Is iontach an éacht é do chleachtas ailtireachta as Éirinn. Tráth a bhfuil deacrachtaí go leor ag ailtirí ar fud na hÉireann, is féidir leo a bheith mórtasach i gcónaí as an méid atá bainte amach ag gairm na hailtireachta go hidirnáisiúnta. Tugann an deis seo, mar aon le hionadaíocht oifigiúil na hÉireann ag an Biennale, ó deBlacam agus Meagher, aitheantas arís eile d’Éirinn leis an méid atá bainte amach aici i gcúrsaí cultúrtha’.

Clonmel Junction Festival
arrow bullet iconCompántas rince Yelemba ón gCósta Eabhair – Comhfhéile Chluain Meala.
Foilseacháin le déanaí
09 Aibreán 2013: Arts Council Prompt Payments Report January-March 2013 (PDF, )
09 Eanáir 2013: Title (GA) (PDF, )
14 Nollaig 2012: Review of theatrical presentations of curriculum plays for second-level school audiences (PDF, 3.30 MB)