Tá Lucht Féachana na nEalaíon tar éis an chéad cheann de shraith tuarascálacha ar thorthaí na Scéime Meantóireachta um na Meáin Nua a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin http://artsaudiences.ie/.
Roghnaíodh ocht scéim ó phróiseas aighneachta oscailte le meantóireacht a dhéanamh orthu agus iad ag úsáid meáin nua. Is iad meantóirí ó eagraíochtaí éagsúla a dhéanfaidh an mheantóireacht.
Foilseofar na torthaí go léir sna seachtainí amach romhainn, chomh maith leis na tuarascálacha ón tionscadal Tóg do Lucht Féachana Féin ó Lucht Féachana na nEalaíon.
Ionad Ealaíon an Droichid
Faoin scéim seo, rinne Aoife Flynn ó asquared meantóireacht ar Marcella Bannon, Stiúrthóir Ionad Ealaíon an Droichid, ar feadh trí mhí.
Cliceáil anseo chun a fháil amach cad a d’fhoghlaim Ionad Ealaíon an Droichid ón bpróiseas agus na céimeanna a ghlac siad chun straitéis dhigiteach chomhtháite a chur i bhfeidhm chun caidreamh níos fearr a chruthú lena lucht féachana ar líne.
Fóram Plé Ar líne
Má tá suim agat an obair seo a phlé le Marcella agus Aoife, tabhair cuairt ar an ngrúpa Arts Ireland ar LinkedIn - fóram plé ar líne faoi riaradh agus bainistiú na n ealaíon in Éirinn. Mura bhfuil tú i do bhall cheana féin - tá sé saor in aisce - is féidir leat cliceáil ar an nasc seo a leanas chun páirt a ghlacadh ann: Grúpa Arts Ireland.
Tuilleadh faisnéise
Déan teagmháil le: James Kelly, Comhairle um Lucht Éisteachta - Na Meáin Nua
Ríomhphost: james.kelly@artsaudiences.ie
Is tionscadal comhpháirtíochta idir an Chomhairle Ealaíon agus Iontaobhas Cultúrtha Bharra an Teampaill é Lucht Féachana na nEalaíon