Is féidir cur isteach anois ar thrí scéim nua mhaoinithe téatair ar shuíomh Gréasáin seirbhísí ar líne na Comhairle Ealaíon http://onlineservices.artscouncil.ie/Secure/Login.aspx?lang=en-ie (Gheobhaidh tú na treoirlínte agus na sonraí a bhaineann le gach scéim trí chliceáil ar na naisc seo a leanas)
- Scéim chónaitheachta d’ealaíontóir téatair
- Scéim mhaoinithe um fhorbairt téatair
- Scéim thacaíochta um chomhroinnt acmhainní téatair
Is é an spriocdháta do na scéimeanna nua ná 5.30 i.n. Déardaoin 12 Lúnasa. Is í an dámhachtain is airde atá ar fáil ná €20,000.
Clinicí faisnéise
Cuirfidh foireann Téatair na Comhairle Ealaíon roinnt clinicí faisnéise ar siúl faoi na scéimeanna nua maoinithe. Is é cuspóir na gclinicí ná deis a thabhairt dóibh siúd ar spéis leo an scéal cuspóir agus tosaíochtaí na scéimeanna nua a phlé agus faisnéis theicniúil a thabhairt faoin bpróiseas iarratais.
Déileálfar leis na topaicí seo a leanas ag na clinicí:
- forléargas ar chuspóir agus ar thosaíochtaí na scéimeanna
- faisnéis faoi iarratas a dhéanamh, lena n-áirítear iarratas a dhéanamh ar an gcóras nua ar líne
- ábhair thacaíochta
- botúin choitianta a sheachaint
- an próiseas measúnaithe agus déanamh cinntí
- ceisteanna agus freagraí.
Beidh ceithre chlinic ar bun, ceann i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh, i gCorcaigh agus i Luimneach ar na dátaí seo a leanas:
- Baile Átha Cliath: Déardaoin, 15 Iúil 11.00rn Project Arts Centre
- Gaillimh: Dé Sathairn, 17 Iúil 10.00am Nun’s Island Theatre
- Corcaigh: Dé Luain, 19 Iúil 11.30rn Civic Trust House, 50 Cé Pope, 11-1
- Luimneach: Dé Máirt, 20 Iúil 11.00rn Belltable ón láthair ag 36, Sráid Shisil
Tuilleadh eolais
Le faisnéis a fháil maidir le conas iarratas ar líne a dhéanamh, téigh chuig na naisc seo a leanas le do thoil
- Ceisteanna Coitianta maidir le seirbhísí ar líne : liosta de na ceisteanna a chuirtear go coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne,
- Youtube: Treoir céim ar chéim i bhfoirm físeáin faoi conas foirm iarratais i gcomhair maoinithe a íoslódáil, a chomhlánú agus a uaslódáil
- Twitter (ArtsCouncilHelp): liosta de na teachtaireachtaí tweet a bhaineann le maoiniú
- Le haghaidh tuilleadh eolais maidir leis na scéimeanna téatair téigh i dteagmháil le Maeve Giles: maeve.giles@artscouncil.ie.
Tabhair faoi deara le do thoil go mbeidh áthas ar fhoireann na Comhairle Ealaíon ceisteanna ginearálta a fhreagairt ach nach mbeidh siad in ann comhrá mion a bheith acu le daoine faoi thionscadail faoi leith.