10 Meitheamh 2010: Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon ciste camchuairteanna ar fiú milliún euro é

Is féidir le daoine ó cheann ceann na tíre a bheith ag súil le drámaí, ceolchoirmeacha, léirithe agus taispeántais den scoth a bhlaiseadh sna míonna le teacht faoi scéim speisialta camchuairteanna, a deir an Chomhairle Ealaíon.

Dúirt an Chomhairle Ealaíon, agus deontais dar luach breis is milliún euro á bhfógairt aici chun críocha camchuairteanna agus craobhscaoilte, go mbeadh 44 eagraíocht agus ealaíontóir ar leith in ann a gcuid seónna a thabhairt ar chamchuairt chuig gach cearn d’Éirinn de bharr an chiste seo. Leanann an scéim seo ar aghaidh ó ‘Turgnamh na Camchuairte’ a reáchtáil an Chomhairle Ealaíon go rathúil in 2007 agus 2008 agus ceapadh í d’fhonn eagraíochtaí ealaíon a spreagadh chun na seónna is fearr atá acu a chur i láthair ar fud na tíre.

Cuirfidh Compántas Téatair Druid The Silver Tassie le Seán O’Casey i láthair i léiriú ina mbeidh leanaí áitiúla ó na pobail a ndéanfar an dráma a chur i láthair dóibh rannpháirteach. Rachaidh Compántas Téatair Pan Pan ar chamchuairt ar fud na tíre le Oedipus Loves You atá bunaithe ar dhrámaí Oedipus the King le Seneca agus Sophocles agus ar scríbhinní Sigmund Freud agus atá faoi anáil na saothar seo.

Ó thaobh an cheoil de, beidh ceann de na cóir is fearr ar domhan, Cór Stáit Latvija, ag dul ó cheann ceann na tíre faoi stiúir an stiúrthóra Éireannaigh, Fergus Sheil.  Beidh Aindrias de Staic, Gaillmheach a bhfuil stíl fidléireachta shaibhir ar leith agus bua na scéalaíochta aige, ar aistear ar bhóithre na hÉireann, idir bheag agus mhór.

Ag labhairt dó faoin scéim, arsa Pat Moylan, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, "Tá a fios againn de bharr taighde go bhfuil fonn mór ar dhaoine ar fud na hÉireann saothair ar ardchaighdeán a fheiceáil, agus táimid breá sásta na deontais seo a bhronnadh ionas gur féidir na saothair seo a chruthú.  Tá ról tábhachtach ag na healaíona sa gheilleagar freisin, cruthaíonn siad poist go háitiúil agus meallann siad turasóirí le léirithe agus taispeántais iontacha sna lárionaid áitiúla ar fad atá ann."

Chun breathnú ar liosta de na healaíontóirí agus de na heagraíochtaí a fuair maoiniú - téigh le do thoil chuig bunachar sonraí na gcinntí  ar shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon: roghnaigh ‘Scéim camchuairteanna agus craobhscaoilte saothar’ ón roghchlár 'Ciste'; roghnaigh an bhliain '2010' agus cliceáil ar ‘Cuardaigh’.

Clonmel Junction Festival
arrow bullet iconCompántas rince Yelemba ón gCósta Eabhair – Comhfhéile Chluain Meala.
Foilseacháin le déanaí
15 Aibreán 2014: Irish Arts Sector - Private Investment Report (PDF, 1.16 MB)
10 Aibreán 2014: Tuarascáil Pras Íocaíocht 2014 (ráithe 1) (PDF, 0.46 MB)
07 Aibreán 2014: Annual report/An tuarascáil bhliantúil 2012 (PDF, 1.97 MB)