Ba mhaith leis an gComhairle Ealaíon comhghairdeas a dhéanamh leis an bhfile Harry Clifton as a cheapachán mar an chéad Ollamh eile le Filíocht in Éirinn (2010-2013).
Ag labhairt di faoin gceapachán dúirt Pat Moylan, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, "Tá ríméad an domhain orm go mbeidh Harry Clifton ar an gcúigiú Ollamh le Filíocht in Éirinn. Tá bua na filíochta ag Harry Clifton agus ómós dó go hidirnáisiúnta. Is scríbhneoir é atá go hiomlán umhal do cheird na filíochta agus tá an onóir sin tuilte go maith aige.
Tá clú bainte amach ag Cathaoir Filíochta na hÉireann (Ireland Chair of Poetry) le roinnt blianta anuas, ag tarraingt lucht féachana mór agus ag cruthú díograis níos mó don fhilíocht i measc mic léinn agus an phobail i gcoitinne. Tá ról sainiúil ag cúrsaí litríochta agus ról riachtanach go deimhin ó thaobh caighdeán ár saol cultúrtha a shaibhriú; cuireann sí ar ár gcumas scrúdú a dhéanamh orainn féin mar phobal, ceist a chur faoin mbrí atá leis an duine agus cén fáth a bhfuilimid ann in aon chor agus b’fhéidir níos tábhachtaí ná sin, tugann an litríocht áilleacht, compord agus pléisiúr dúinn a bhíonn ag teastáil go géar uainn uaireanta.
Táimid an-bhuíoch don cheathrar a raibh an post seo acu roimhe seo as an sárobair a rinne siad agus as an tacaíocht a thug siad don fhilíocht."