25 Márta 2010: Dámhachtainí Tionscadal: cláraigh i gcomhair seirbhísí ar líne

Beidh daoine aonair agus eagraíochtaí in ann chur isteach ar líne i gcomhair dámhachtainí Tionscadal ar aghaidh ar shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne http://onlineservices.artscouncil.ie.

Molaimid duit clárú láithreach i gcomhair seirbhísí ar líne. Bíonn cúrsaí slándála i gceist agus ar an ábhar sin b’fhéidir go dtógfadh sé suas le cúig lá oibre chun an próiseas go léir a chríochnú.

[Tabhair faoi ndeara, le do thoil: ní gá duit clárú arís má d’úsáid tú seirbhísí ar líne cheana chun íocaíochtaí a bhainistiú. Féadfaidh tú na sonraí reatha atá agat a úsáid le logáil isteach sa chóras agus do chuntas a úsáid chun iarratais a chruthú.]

An chaoi le clárú:

  • Téigh go seirbhísí ar líne: http://onlineservices.artscouncil.ie.
  • Cliceáil ar an gcnaipe ‘cláraigh’ (sign up)
  • Comhlánaigh an fhoirm chlárúcháin.  Tabhair faoi deara le do thoil: Beidh seoladh ríomhphoist bailí mar aon lena (h)uimhir PSP (Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí) ag teastáil i gcomhair duine aonair agus beidh seoladh teagmhála ríomhphoist ag teastáil i gcomhair eagraíochtaí mar aon le huimhir charthanacha agus uimhir chánach más bainteach.
  • Nuair atá an próiseas clárúcháin déanta agat caithfidh tú fanacht chun dearbhú an ríomhphoist chlárúcháin a fháil.  B’fhéidir go dtógfadh sé suas le cúig lá oibre an dearbhú a fháil óir bhíonn orainn do shonraí ríomhphoist agus cánach a fhíorú ar mhaithe le slándáil.  
Clonmel Junction Festival
arrow bullet iconCompántas rince Yelemba ón gCósta Eabhair – Comhfhéile Chluain Meala.
Foilseacháin le déanaí
12 Meitheamh 2013: Title (GA) (PDF, )
09 Aibreán 2013: Arts Council Prompt Payments Report January-March 2013 (PDF, )
09 Eanáir 2013: Title (GA) (PDF, )