Beidh an Chomhairle Ealaíon ag reáchtáil comhdhála ar an Luan 19 Aibreán 2010 sa Dánlann Náisiúnta le haghaidh a cuid eagraíochtaí maoinithe. Is éard is ábhar don chomhdháil ná cúrsaí bainistíochta sa chúlú eacnamaíochta agus an chaoi inar féidir leis an daonchairdeas agus le gníomhaíochtaí tiomsaithe airgid ar leibhéal corparáideach cabhrú le hioncaim neamhreachtúil a chothú.
Ceapadh an chomhdháil le leideanna praiticiúla agus le heolas tábhachtach a thabhairt. Tá súil againn go mbeidh do Phríomhfheidhmeannach/Bainisteoir Ginearálta féin i láthair, nó an té is sinsearaí i d’eagraíocht atá freagrach as airgead/ioncam a chothú. Ba cheart cathaoirleach an bhoird nó ball sinsearach den bhord bheith i láthair freisin.
Is é an spriocdháta le clárú ná 12 Aibreán 2010. Seol an fhoirm áirithinte go artsdept3.pa@artscouncil.ie.