Tá a comhghairdeas seolta ag an gComhairle Ealaíon chuig an 7 n-ealaíontóir a toghadh inniu ina gcomhaltaí d’Aosdána, meitheal ealaíontóirí cruthaitheacha in Éirinn. Toghadh Frances Harvey, Vona Groarke, Conor McPherson, Gráinne Mulvey, Sheila O’Donnell, Kevin Volans agus Yvonne Farrell ina gcomhaltaí ag Tionól Ginearálta Aosdána in Óstán Chathair Ard Mhacha.
Bhunaigh an Chomhairle Ealaíon Aosdána in 1981 chun ómós a thabhairt d'ealaíontóirí ar chuidigh agus ar chuir a saothar go suaithinseach leis na healaíona in Éirinn, agus chun na comhaltaí a spreagadh agus cabhrú leo chun iomlán a ndúthrachta a chaitheamh leis an ealaín a roghnaíonn siad. Is le hainmniúchán comhghleacaithe agus le toghchán a cheaptar comhaltaí nua na heagraíochta. Ní féidir níos mó ná 250 ealaíontóir beo a bheith ann ag am ar bith agus ní mór corpas saothair suaitheanta a bheith cruthaithe acu. Ní mór do chomhaltaí na heagraíochta a bheith ina gcónaí in Éirinn ar feadh cúig bliana, sin nó gur rugadh in Éirinn iad. D’fhéadfadh comhaltaí Aosdána atá ina gcónaí in Éirinn a bheith incháilithe, faoi réir ag tairseach ioncaim, le 'cnuas' a fháil ón gComhairle Ealaíon. Is blianacht cúig bliana í seo a ceapadh chun cur ar a gcumas díriú go lánaimseartha ar a gcuid ealaíne. Leis na comhaltaí nuathofa san áireamh is é comhaltas reatha Aosdána anois ná 246.