Tá an Chomhairle Ealaíon, an ghníomhaireacht rialtais atá freagrach as na healaíona a mhaoiniú agus a fhorbairt, tar éis a mórleithdháiltí deontais a dhéanamh i gcomhair na bliana 2010, agus níos mó ná €49m á dháileadh do níos mó ná 350 eagraíocht ealaíon. Seoladh litreacha le nuacht faoi na cinntí ar an Aoine.
Ina cur chuige foriomlán, rinne an Chomhairle a dícheall a chinntiú go bhféadfadh eagraíochtaí leanúint orthu ag tabhairt ealaíon den scoth do lucht féachana agus éisteachta ar fud na tíre. Cuireadh béim ar chothromaíocht réigiúnach a fháil, ar na healaíona a chumasú chun níos mó daoine a rochtain, agus ar thacaíocht d’ealaíontóirí chun saothar a chruthú.
Tugtar breac-chuntas ar na leithdháiltí airgeadais thíos. Cé go bhfuil laghdú ar luach na leithdháiltí ar fud na bhfoirmeacha ealaíne, d’fhan coibhneasacht an dáileacháin idir na foirmeacha ealaíne (gan Ceoldráma san áireamh) comhchosúil tríd is tríd le blianta roimhe seo. (féach an tábla agus an chairt thíos)
Maoiniú de réir na foirme ealaíne sna trí mhórchlár deontais de chuid na Comhairle Ealaíon (Eagraíochtaí arna Maoiniú go Rialta, Maoiniú Bliantúil agus Deontais le haghaidh Clár Bliantúil):
| Title | Title | Title |
|---|
| Réimsí cleachtais ealaíne | 2009 (€) | 2010 (€) |
| Téatar* | 16,311,000 | 13,327,000
|
| Na Físealaíona | 5,063,157 | 4,209,700 |
Ceol
| 4,865,270 | 3,903,500 |
Ceoldráma
| 3,949,900 | 3,652,100
|
Damhsa
| 3,150,200 | 2,652,500 |
| Scannán | 2,395,400 | 2,018,200 |
Litríocht
| 2,288,927 | 1,983,100 |
| Na hEalaíona Traidisiúnta | 1,512,910 | 1,297,800 |
| Sráidealaíona agus Seónna | 823,000
| 680,500
|
| Sorcas | 244,000 | 172,700 |
| | |
Tugann an Chomhairle Ealaíon maoiniú chomh maith d’eagraíochtaí a oibríonn thar réimse foirmeacha ealaíne, agus bíonn maoiniú á bhronnadh sna catagóir thíos chun cur leis na deontais a dhéantar cur síos orthu thuas:
| Title | Title | Title |
|---|
Réimsí cleachtais ealaíne
| 2009 (€)
| 2010 (€) |
Ailtireacht
| 168,000 | 127,000
|
| Ionaid Tionóil | 7,544,000 | 6,420,250 |
Daoine Óga
| 3,327,534 | 2,752,300
|
Ealaíona Áitiúla
| 3,335,000
| 2,743,700
|
Féilte agus Imeachtaí
| 2,463,000 | 2,049,000
|
| Rannpháirtíocht sna hEalaíona | 1,354,500
| 1,108,000
|
| Tacaíocht d’Ealaíontóirí | 275,182 | 254,000
|
*lena n-áirítear leithdháileadh de €7.25 milliún d’Amharclann na Mainistreach le haghaidh 2010
Agus timpeallacht bhuiséadach an-deacair os a comhair - tá €9 milliún níos lú ag an gComhairle le hinfheistiú sna healaíona ná mar a bhí aici in 2009 - ní raibh sé indéanta an leibhéal maoinithe céanna a choinneáil don líon céanna eagraíochtaí mar a bhí san am atá caite. Cuirfear stop le maoiniú do roinnt eagraíochtaí faoi na 3 mhórchlár deontais.
Maoiniú eagraíochtaí sna trí mhórchlár deontais de chuid na Comhairle Ealaíon:
| Title | Title | Title |
|---|
| 2009
| 2010 |
| Líon na n-eagraíochtaí a chuir isteach ar mhaoiniú | 407
| 410
|
| Líon na n-eagraíochtaí ar tairgeadh maoiniú dóibh | 352
| 354
|
| An líon ar tairgeadh maoiniú méadaithe dóibh | 34
| 10
|
| An líon ar tairgeadh an leibhéal céanna maoinithe dóibh | 93 | 24 |
| An líon ar tairgeadh maoiniú laghdaithe dóibh i gcomparáid le 2009 | 241 | 313 |
| Líon na n-eagraíochtaí ar tairgeadh maoiniú dóibh den chéad uair faoi na cláir seo | 8 | 7 |
Choinnigh an Chomhairle Ealaíon Cnuas Aosdána ag a leibhéal reatha. Is éard atá sa chnuas ná stipinn a íoctar le comhaltaí incháilithe d’Aosdána le cur ar a gcumas a ndúthracht go léir a chaitheamh lena gcuid ealaíne. Sa bhreis air seo, rinneadh laghduithe ar dhísirt ealaíontóirí a íoslaghdú agus déantar saoráidí bunriachtanacha agus bonneagar d’ealaíontóirí a chothabháil.
Phléigh an Chomhairle le cothromaíocht réigiúnach mar thosaíocht, nuair a tacaíodh le príomh-ionaid agus príomhfhéilte chun na healaíona is fearr a sholáthar do dhaoine ar fud na tíre. Ina theannta sin, bhunaigh an Chomhairle Ealaíon ciste nua maidir le turais; déanfaidh sé seo saolré léirithe, taispeántas agus taibhléirithe a shíneadh, agus cinnteoidh sé go mbainfidh níos mó daoine taitneamh as na healaíona in 2010.
Mar chuid dá cur chuige buiséadach foriomlán, dháil an Chomhairle 20% dá maoiniú díreach ar thionscadail agus ar dhámhachtainí. Chomh maith le maoiniú a chosaint do thallann ealaíonta nua agus atá ag teacht chun cinn, soláthróidh sé seo deiseanna d’ealaíontóirí laistigh d’eagraíochtaí nach bhfaigheann maoiniú ar bhonn athfhillteach níos mó.
Laghdaíodh buiséad riaracháin foriomlán na Comhairle fosta faoi 30% ón leibhéal a bhí aici in 2008.
Déanfar sonraí na ndámhachtainí do thionscadail a fhógairt gan mhoill.