24 Feabhra 2010: Is oth leis an gComhairle Ealaíon Eugene Lambert a bheith ar shlí na fírinne

Chuir an Chomhairle Ealaíon a brón in iúl inniu ar bhás Eugene Lambert, bunaitheoir an Lambert Puppet Theatre i mBaile na Manach, Co. Bhaile Átha Cliath, agus bunaitheoir an Dublin International Puppet Festival.

Ag labhairt dó inniu, dúirt David Parnell, Ceann Téatair na Comhairle Ealaíon: "Aireoidh gach duine a raibh aithne acu air uatha go mór é. Ealaíontóir tiomanta paiseanta ab ea é. Is de bharr a shaothair den chuid is mó a bhfuil iomrá ar Éirinn i dtéarmaí téatar puipéad sa lá atá inniu ann. Idir a chuid oibre ar RTÉ le Wanderly Wagon agus a thiomantas leanúnach don téatar puipéad, spreag sé glúin de dhéantóirí puipéad, agus chuir sé aoibhneas ar glúine de leanaí agus de thuismitheoirí na hÉireann agus siamsaíocht á cur os a gcomhair."

Déanann an Chomhairle Ealaíon comhbhrón ó chroí le cairde Eugene agus le muintir Lambert go léir.

Clonmel Junction Festival
arrow bullet iconCompántas rince Yelemba ón gCósta Eabhair – Comhfhéile Chluain Meala.
Foilseacháin le déanaí
09 Aibreán 2013: Arts Council Prompt Payments Report January-March 2013 (PDF, )
09 Eanáir 2013: Title (GA) (PDF, )
14 Nollaig 2012: Review of theatrical presentations of curriculum plays for second-level school audiences (PDF, 3.30 MB)