Tugann FutureArts.ie deis do dhaoine óga a dtuairimí faoin saol cultúrtha agus na healaíona in Éirinn a nochtadh dá chéile, agus cuireann sé naisc ar líne ar fáil i gcomhair obair chruthaitheach daoine óga. Tá an fóram seo ina chuid de thionscnamh na Comhairle Ealaíon d’Ealaín-Óige-Cultúr: FYI, trína n-eagraítear trí lá cruinnithe, ceardlanna agus díospóireachtaí idir dhaoine óga agus lucht déanta beartas i réimse na n-ealaíon agus an tsaoil chultúrtha.
Déanfar na tuairimí agus an fhaisnéis a thugtar ar an bhfóram a thaifead in Ealaín-Óige-Cultúr: FYI, agus cuirfear ar fáil é mar ábhar tagartha le haghaidh lucht déanta beartas i réimse na n-ealaíon agus an tsaoil chultúrtha.
Tugtar faoi deara, le do thoil: Tá líon beag spásanna fágtha i gcomhair ionadaithe óga ar mhian leo páirt a ghlacadh in Ealaín-Óige-Cultúr: FYI, 27-29 Márta. Má tá tú idir 15 agus 23 bliain d’aois agus más mian leat páirt a ghlacadh san imeachta seo, téigh i dteagmháil le mathilde.veldt@artscouncil.ie.
Tabhair cuairt ar www.futurearts.ie más mian leat tuilleadh eolais faoi Ealaín-Óige-Cultúr: FYI agus sceideal iomlán an imeacht trí lá a fháil.