Rinne an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas croíúil le Colm Tóibín, scríbhneoir agus ball na Comhairle as an nuacht gur bhuaigh sé Gradam Úrscéil ‘Costa’ de thairbhe Brooklyn.
I ndiaidh an fhógra, dúirt Pat Moylan, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, "Is úrscéal corraitheach agus dea-scríofa é Brooklyn. Meallann Colm Tóibín an léitheoir chuig domhan ina bhfuil mothúcháin iombháite agus neamhráite le cumas teanga, gutha, agus dearcaidh atá ealaíonta agus atá den chéad scoth. Is úrscéal é atá doilbhchiúin agus thar a bheith géar, tá prós Choilm cumtha go saineolaíoch agus na carachtair fabhraithe go sciliúil aige. Cuireann sé ríméad orm gur bhuaigh Colm, scríbhneoir atá tiomanta go hiomlán dá ealaíon, an gradam seo.