19 Mí na Samhna 2009: Déanann an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas le Colum McCann

Déanann an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas ó chroí le Colum McCann de bhrí gur éirigh le Let the Great World Spin Duais Náisiúnta Leabhar SA a bhaint, duais a bhfuil an-stádas ag baint léi.

I ndiaidh gur fógraíodh an scéal inniu dúirt Pat Moylan, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, "Tá Let the Great World Spin cumtha go cróga, go curúil agus go healaíonta. Tá buanna McCann mar scríbhneoir soiléir san úrscéal uaillmhianach, rachtúil agus ilchisealach seo, saothar a dhaingníonn a chlú mar dhuine de na scríbhneoirí is cumhachtaí, is fileata agus is grinne atá ag saothrú inniu. Insíonn an t-úrscéal, ar meafar leochaileach agus armacach de Mheiriceá tar éis 9/11 é, insíonn sé scéalta baicle daoine aonair i Nua Eabhrac a bhfuil cuma ar an scéal nach bhfuil siad ceangailte lena chéile. Éiríonn le McCann a nglórtha a thuiscint go cruinn agus go tuisceanach, ag mealladh an léitheora go hiomlán leis an scéal casta agus corraitheach seo."

Lean sí uirthi agus dúirt: "Tá Colm McCann go hiomlán tiomanta do cheird na scríbhneoireachta agus léiríonn an t-úrscéal is déanaí uaidh a thallann, a thiomantas agus a rímháistreacht. Tá an Duais Náisiúnta Leabhar tuillte go mór aige agus déanann an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas ó chroí leis faoinar ghnóthaigh sé."

I measc na nduaiseanna a bhain Colum McCann roimhe seo tá Duais Hennessy i 1990, agus Duais Rooney. Iomaitheoir a bhí ann i nDuais Idirnáisiúnta Liteartha Bhaile Átha Cliath IMPAC agus ba é an chéad bhuaiteoir ar Dhuais Liteartha Chiste Mhonacó d’Éirinn i nDílchuimhne ar an mBanphrionsa Grace. Tá sé ina bhall de Aosdána agus bronnadh sparánacht ón gComhairle Ealaíon air i 1994, i dtús a ghairme mar scríbhneoir, duais arbh fhiú £3,000 í. Foilsíodh a chuid ficsin i dtríocha teanga agus ainmníodh gearrscannán leis, Everything in This Country Must, le haghaidh Oscar in 2005. Is rannpháirtí rialta le The New Yorker, Irisleabhar The New York Times, The Atlantic Monthly, agus The Paris Review é McCann. Ar na saolta seo bíonn sé ag teagasc i gColáiste Hunter agus tá cónaí air i gCathair Nua Eabhrac lena bhean agus a gcuid páistí.

Agus é ag labhairt ag Comhchoiste an Oireachtais ar na hEalaíona, dúirt McCann, agus é ag caint ar dheontas a fuair sé ón gComhairle Ealaíon go luath sna nóchaidí, "thug an deontas an chuid is mó de bhliain dom chun mo chuid oibre ag scríobh gearrscéalta agus úrscéalta a chur i gcrích."

"Mothaím gur thug an deontas breis saoirse dom rochtain a fháil ar an scéalaíocht. Bhí mé níos óige ag an am, agus ba iontach an rud é aitheantas a fháil mar Éireannach tráth a raibh cónaí orm thar lear. Cé go raibh cónaí orm i Nua Eabhrac, tugadh aitheantas dom mar chuid de ghlór na tíre seo. Ba iontach an pointe é sin i mo shaol," arsa McCann, leis.

Clonmel Junction Festival
arrow bullet iconCompántas rince Yelemba ón gCósta Eabhair – Comhfhéile Chluain Meala.
Foilseacháin le déanaí
22 Aibreán 2014: Title (GA) (PDF, )
15 Aibreán 2014: Irish Arts Sector - Private Investment Report (PDF, 1.16 MB)
10 Aibreán 2014: Tuarascáil Pras Íocaíocht 2014 (ráithe 1) (PDF, 0.46 MB)