10 Nollaig 2009: Fógraítear na coimeádaithe do Biennale Ailtireachta na Veinéise 2010

Is mór leis an gComhairle Ealaíon agus le Cultúr Éireann a fhógairt gur ceapadh na coimeádaithe a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann na hÉireann ag an Biennale Ailtireachta sa Veinéis. Beidh na coimeádaithe ag obair go dlúth le Foras Ailtireachta na hÉireann, Coimisinéirí don Biennale Ailtireachta 2010. Osclóidh sé i mí Lúnasa 2010.

Is comhoibriú idir Tom de Paor, Peter Maybury, Alice Casey agus Cian Deegan atá i gceist san fhoireann coimeádaithe, a roghnaíodh i ndiaidh próiseas iomaíochta oscailte. Cuirfidh siadsan taispeántas ar bun faoi chuideachta chlúiteach ailtireachta na hÉireann, De Blacam & Meagher.

Déanfaidh an taispeántas seo iarracht a dhéanamh a theacht ar thuiscint ar thírdhreach cultúrtha na hÉireann trí mheán obair De Blacam & Meagher Architects. Le 33 bliain anuas tá tithe, láithreacha oibre, tráchtála, oideachais agus adhartha tógtha ag an gcuideachta ailtireachta Éireannach seo.

Ag eascairt as sin, bhí tionchar cultúrtha ar leith ag cuideachta De Blacam & Meaghar ar gach gné de shaol na hÉireann. Déanfar fiosrú agus nochtadh ar ábharthacht chomhaimseartha an tsaothair seo trí mheán na rannpháirtíochta ó ghuthanna criticiúla Éireannacha agus idirnáisiúnta.

Dúirt Eugune Downes, Príomhfheidhmeannach Chultúr Éireann, "Is ardán uathúil atá in Biennale Ailtireachta na Veinéise chun sármhaitheas ailtireachta na hÉireann a chur i láthair do lucht féachana ar fud na cruinne.   Agus dúshláin ollmhóra os comhair an gheilleagair agus ghairm na hailtireachta in 2010, is deis thábhachtach í seo leis an obair den scoth atá á déanamh ag ailtirí na hÉireann sa bhaile agus ar fud an domhain a chur chun cinn."

Dúirt Claire Doyle, Ceann na nAmharcealaíon agus na hAiltireachta ag an gComhairle Ealaíon, "Is cuid ríthábhachtach d’ár dtiomantas níos leithne i leith ailtirí atá ag obair i réimse na n-ealaíon atá sa tacaíocht a thugann an Chomhairle Ealaíon d’ailtirí atá ag déanamh ionadaíochta thar ceann na hÉireann ag Biennale na Veinéise. Tá lúcháir ar leith orainn tacaíocht a thabhairt d’fhoireann coimeádaithe chomh láidir, a dhéanfaidh iniúchadh ar an obair a rinne ceann de na cuideachtaí ailtireachta in Éirinn is mó a bhfuil meas uirthi."

Clonmel Junction Festival
arrow bullet iconCompántas rince Yelemba ón gCósta Eabhair – Comhfhéile Chluain Meala.
Foilseacháin le déanaí
15 Aibreán 2014: Irish Arts Sector - Private Investment Report (PDF, 1.16 MB)
10 Aibreán 2014: Tuarascáil Pras Íocaíocht 2014 (ráithe 1) (PDF, 0.46 MB)
07 Aibreán 2014: Annual report/An tuarascáil bhliantúil 2012 (PDF, 1.97 MB)