05 Nollaig 2009: Is cúis mhéala don Chomhairle Ealaíon bás Liam Clancy

Tá aiféala curtha in iúl ag an gComhairle Ealaíon ar chloisteáil di faoi bhás Liam Clancy, a d’éag Dé hAoine 4 Nollaig 2009.

Ag labhairt di inniu dúirt Pat Moylan, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon: "D’éirigh le Liam Clancy ceol traidisiúnta na hÉireann a thabhairt ó leac an teallaigh go dtí croílár an stáitse idirnáisiúnta.  D’éirigh leis féin, lena dheartháireacha agus le Tommy Makem nach maireann a chinntiú go raibh daoine in ann bailéid bhreátha a aithint ar fud an domhain le linn na hathbheochana ar amhráin tíre sna ‘50idí agus sna ‘60idí.  Measann Bob Dylan gurbh é Liam an t-amhránaí tíre ab fhearr riamh. Is ríluachmhar a bhfuil déanta aige ó thaobh forbairt na n-ealaíon traidisiúnta. Aireoidh gach duine a raibh aithne acu air uatha go mór é, agus déanaimid comhbhrón ó chroí lena theaghlach agus lena chairde."

Clonmel Junction Festival
arrow bullet iconCompántas rince Yelemba ón gCósta Eabhair – Comhfhéile Chluain Meala.
Foilseacháin le déanaí
22 Aibreán 2014: Title (GA) (PDF, )
15 Aibreán 2014: Irish Arts Sector - Private Investment Report (PDF, 1.16 MB)
10 Aibreán 2014: Tuarascáil Pras Íocaíocht 2014 (ráithe 1) (PDF, 0.46 MB)