Tá aiféala curtha in iúl ag an gComhairle Ealaíon ar chloisteáil dóibh faoi bhás Michael Dwyer, a fuair bás de dheasca breoiteachta.
Ag labhairt di inniu dúirt Pat Moylan, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon: "Chaill earnáil scannáin na hÉireann agus luchtanna féachana cineama in Éirinn fíorchara agus tacadóir le bás Michael Dwyer. Agus é tiomanta ag paisean pearsanta ar son scannán, bhí ról lárnach ag Michael ag cinntiú go raibh teacht ag luchtanna féachana ar fud na hÉireann ar an gcuid is fearr de chineama neamhphríomhshrutha thar tréimhse breis is tríocha bliana. Tá oidhreacht bhuan fágtha ina dhiaidh aige in Éirinn le Access Cinema (a raibh aithne air mar an Federation of Irish Film Societies tráth) agus le Féile Idirnáisiúnta Scannáin Bhaile Átha Cliath. Déanaimid comhbhrón ó chroí lena pháirtí agus lena theaghlach."