Tá ról an-suntasach ag na healaíona i gcomhthéacs gheilleagar na hÉireann agus is féidir leo a bheith mar ghníomhaí a spreagann poist agus infheistíocht, a léiríonn sonraí nua a cuireadh ar fáil inniu.
Tugtar le fios sa tuairisc, a choimisiúnaigh an Chomhairle Ealaíon agus atá scríofa ag príomheacnamaí, go bhféadfadh tionchar geilleagrach na n-ealaíon a bheith níos mó ná mar a cheapann anailísithe agus lucht déanta beartas de ghnáth.
Tacaíonn maoiniú €76 milliún ón gComhairle Ealaíon d’eagraíochtaí ar fud na tíre le breis is 3,000 post, gineann sé láimhdeachas €192 milliún agus cuireann sé €54 milliún díreach ar ais sa Státchiste i bhfoirm cáin ioncaim, CBL, agus cánacha eile.
Tá tionchar geilleagrach earnáil níos leithne na n-ealaíon níos mó ná mar a raibh súil leis freisin; gineann sí Breisluach Comhlán €782 milliún, caiteachas iomlán €1.8 billiún, 26,519 post agus ioncam cánach €352 milliún.
Léiríonn an tuairisc freisin an ról suntasach atá ag na healaíona sna tionscail chruthaitheacha, áit ar ionann an Breisluach Comhlán agus €5.5 billiún, agus ar ionann an fhostaíocht iomlán agus 96,000.
Agus í ag labhairt le hiriseoirí inniu, chuir Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, Pat Moylan, síos ar an tuairisc mar dhoiciméad "dian, bunaithe ar fhianaise, agus a bhfuil fáilte mór roimhe".
"Is féidir linn fianaise a thabhairt sa deireadh ar a bhfuil a fhios againn go hinstinneach: tá ról an-suntasach ag an gComhairle Ealaíon i gcomhthéacs gheilleagar na hÉireann, agus is féidir léi cúnamh a thabhairt chun na céadta post eile a ghineadh láithreach bonn, trí infheistíocht bhreise atá beag i gcomhréir leis an iomlán," a dúirt an tUasal Moylan.
"Tá ár gcuid ealaíontóirí agus ár n-eagraíochtaí ealaíon réidh chun a gcuid ról a ghlacadh maidir le téarnamh na hÉireann - maidir le cruthú post, le cáil idirnáisiúnta na hÉireann a chur chun cinn mar mhol cruthaitheachta, nuálaíochta, infheistíochta, agus, ar ndóigh, mar mhol turasóireachta cultúrtha," a dúirt an tUasal Moylan.
Ag an seisiún faisnéise, dúirt údar na tuairisce, an Dr Alan Gray, Comhpháirtí Bainistíochta Indecon Economic Consultants, gur léirigh a chuid anailíse go bhfuil tionchar suntasach geilleagrach ag earnálacha na n-ealaíon agus an chultúir.
"Cé nach gcreidim gur cheart na healaíona a mheas ar fhorais gheilleagracha amháin, is léir gur earnáil thábhachtach, dhlúthfhostaíochta í. Cuireann sí go suntasach le hioncam an Státchiste chomh maith."