Tá áthas ar Lucht Féachana na nEalaíon sonraí na scéime meantóireachta um na Meáin Nua a fhógairt. Sa scéim seo, tairgeann saineolaithe ó eagraíochtaí éagsúla a gcuid seirbhísí saor in aisce mar mheantóirí d’eagraíochtaí ealaíon atá ag iarraidh caidreamh nua a bhunú agus tógáil ar chaidreamh atá ann cheana le lucht féachana ar líne.
Freagróidh an mheantóireacht riachtanais shonracha na n-eagraíochtaí ealaíon rannpháirteacha, agus feidhmeoidh sí i réimsí ar nós straitéis na meán sóisialta, optamú inneall cuardaigh, pobail a fhorbairt ar líne, méadracht straitéisí agus spriocanna a leagan síos.
Tuilleadh eolais
Is féidir le heagraíochtaí ar mhaith leo meantóireacht a fháil tuilleadh eolais a fháil ar shuíomh Lucht Féachana na nEalaíon: