19 Deireadh Fómhair 2009: Tugann an t-aisteoir Brendan Gleeson a thacaíocht don Chomhairle Ealaíon

Ag labhairt dó ag an gComhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, rinne Brendan Gleeson impí theasaí le go leanfaí ag tabhairt tacaíochta don Chomhairle Ealaíon.

"Thosaigh mise mo ghairm aisteoireachta le comhlacht drámaíochta Passion Machine, a bunaíodh chun an téatar a thabhairt chuig ceantair nua. Is cuimsiú ar fad a bhí i gceist leis. D’fhéach sé leis an téatar a thabhairt chomh fada le daoine nach smaoineodh go hiondúil ar an téatar mar rud a bhain leosan. Go healaíonta, rinne an chuideachta iniúchadh agus machnamh ar shaol na ndaoine. Mhothaigh an lucht féachana, a tháinig go tréan, go raibh ceangal láidir acu i ndáiríre leis an méid a chonaic siad. Thug sé ardú croí dóibh. Bhí sé níos éasca an chuideachta a leathnú agus a fhorbairt mar gheall ar thacaíocht na Comhairle Ealaíon. Ba ghearr go rabhamar ag cur drámaí ar siúl i bpríomh-amharclanna a bhí plódaithe le daoine. Nuair a bhíodh seónna deich-seachtaine as a chéile againn in Amharclann an Olympia, bhíodh an áit dubh le daoine gach oíche. Le linn duaircis an drochshaoil sna 1980idí, thagadh na mílte agus na mílte chuig ár seónna ag cur uathu na braistintí scoiteachta agus anaithnideachta. Rinne siad neart gáire. Bhraith siad go raibh siad ar fad sa bhád céanna, agus bhraitheamar féin an rud céanna.

Nuair a thosaigh an taoide ag casadh sa deireadh, bhíomar réidh lena aghaidh agus díocas orainn. Ní miste dom a rá go raibh páirt againn féin san athrú sin. Ar ndóigh thug ár lucht féachana inspioráid dúinn an deis a thapú agus tabhairt faoin aisteoireacht go lánaimseartha. Luaim daoine mar Paul Mercier, Roddy Doyle, Ger Ryan, Liam Cunningham, Liam Carney agus daoine nach iad, mé féin san áireamh ar cothaíodh a gcuid gairmeacha cruthaitheacha ag an am. Tá cion chultúrtha Passion Machine láidir go maith. Bheadh sé suimiúil an maoiniú ar fad a fuair an chuideachta thar na blianta a chur le chéile agus é a chur i gcomparáid leis an ioncam ar fad a thug an tír isteach ó ghairmeacha na ndaoine a ndeachaigh an maoiniú chun leasa dóibh. Déarfainn go mbeadh an tír slán go maith ó thaobh airgid de, b’fhéidir ón méid a shaothraigh sí ó "The Commitments" le Roddy Doyle amháin. Ní raibh sa Passion Machine ach cuideachta amháin. Feicim go bhfuil Garry Hynes agus Fiach Mac Conghail i nGailearaí na gCuairteoirí. Ba chóir dúinn smaoineamh orthu sin a tháinig chun cinn ón Ionad Ealaíon Tionscadal, leithéidí Neil Jordan, Jim Sheridan, Gabriel Byrne agus Liam Neeson. Tharraing físealaíontóirí agus dealbhóirí mar Bobby Ballagh agus John Behan an oiread dea-cháil ar an tír seo agus chuidigh siad chun í a shainmhíniú.

Tá na milliúin punt, euro agus dollar caite in Éirinn cion is gur cothaíodh an tallann a luaigh mé. Ó bunaíodh é, bhí an tIonad Ealaíon Tionscadal in ann feidhmiú a bheag nó a mhór mar gheall ar thacaíocht na Comhairle Ealaíon dó. D’fhéadfaimis a shamhlú cén caillteanas cultúrtha agus airgeadais a d’fhulaingeoimis murach sin. Níl deireadh ar bith leis. D’iarr Gabriel Byrne orm an tionscadal Sense of Ireland a lua, a chuaigh thar lear sna 1970idí. An cuimhin le baill an choiste é? Ba chuid d’obair an Ionaid Ealaíon Tionscadal é. Tugadh meon maidir leis an tír nach bhfacthas riamh cheana chomh fada le lucht féachana idirnáisiúnta mar thoradh ar rud a cruthaíodh le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon.

Tá maoiniú sna healaíona riachtanach, chun misneach a thabhairt do mhuintir na tíre ar an gcéad dul síos. Is daoine a raibh fís acu agus filí a chuir cuma ar an tír seo, daoine a rinne iarracht, dar le Pádraig Mac Piarais:

To give a life

In the world of time and space among the bulk of actual things

To a dream that was dreamed in the heart, and that only the

heart could hold.

Ba é bunú an Stáit toradh na físe sin. In ainneoin gach rud, tá áit faoi leith cruthaithe againn i measc náisiúin an domhain, go mór mór mar gheall ar an dearcadh atá againn fúinn féin mar dhaoine, mar gheall ar an tiomantas bríomhar atá againn i leith na healaíne agus mar gheall ar uathúlacht ár nglór cultúrtha. Tá sé tábhachtach dúinn agus téann sé sin i bhfeidhm ar dhaoine eile. Ag tráth a bhfuil meathlú ar an ngeilleagar agus meanma na ndaoine lag, tá sé tábhacht go speisialta muid féin a dheimhniú arís mar dhaoine, ar mhaithe linn féin. Tugann na healaíona thar aon ní eile deis dúinn é sin a dhéanamh. Caithfimid an fhéinmhuinín sin a chur in iúl don domhan mór.

Is mó ár dtionchar ná ár méid go hidirnáisiúnta, cúis amháin atá leis sin ná go bhfuilimid cruthaitheach mar dhaoine agus feictear an chruthaitheacht sin ionainn. I gcúrsaí litríochta, téatair, scannán agus i ngach réimse eile de na healaíona, leanaimid ag léiriú gan stró don saol mór gur daoine muid atá táirgiúil, nuálaíoch agus dinimiciúil. Tá buntáistí eacnamúla agus cultúrtha aige seo. Is maith le daoine cuairt a thabhairt orainn chun a bheith páirteach ann, bídís ag obair nó ar saoire. Is beag nach bhféadfá a rá nach féidir luach a chur air. Tá sé ríthábhachtach go gcoinneoimis é seo má táimid chun teacht slán ó na deacrachtaí reatha atá againn. Tá maoiniú ríthábhachtach má táimid chun cur ar chumas daoine éirimiúla agus cruthaitheacha saothair a chruthú anseo a bhfuil luach dúchasach acu dúinn agus dár bhféin-leas, rud a chuireann an dea-chlú agus an seasamh atá againn thar lear chun cinn agus a chruthaíonn ioncam dúinn."

Clonmel Junction Festival
arrow bullet iconCompántas rince Yelemba ón gCósta Eabhair – Comhfhéile Chluain Meala.
Foilseacháin le déanaí
22 Aibreán 2014: Title (GA) (PDF, )
15 Aibreán 2014: Irish Arts Sector - Private Investment Report (PDF, 1.16 MB)
10 Aibreán 2014: Tuarascáil Pras Íocaíocht 2014 (ráithe 1) (PDF, 0.46 MB)