19 Deireadh Fómhair 2009: Tugann an scríbhneoir Sebastian Barry tacaíocht don Chomhairle Ealaíon

Ag labhairt dó leis an gComhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta maidir leis an tábhacht atá le maoiniú na Comhairle Ealaíon, dúirt an scríbhneoir Sebastian Barry:

"Nuair a bhí mise i mo scríbhneoir óg agus mé i m’aonar, ba chuma liom mura raibh aon airgead agam. Thosaigh mé ag scríobh i 1977 agus ní raibh trí leathphingin agam sna chéad 11 bliain. I 1982, fuair mé deontas ón gComhairle Ealaíon, agus ar deireadh thiar mhothaigh mé go raibh lucht féachana bríomhar agam féin. I 1988, chuir Amharclann na Mainistreach dráma liom ar stáitse, "Boss Grady’s Boys". D’fhág sé seo nach raibh ar mo bhean chéile Ali dul i bhfolach faoin leaba gach uair a tháinig bean an chíosa ag iarraidh a cuid airgid. Chuaigh sí i bhfolach, ní hé nár thaitin bean an chíosa léi nó go raibh an bhean cantalach, ach cion is gur thaitin sí léi agus níor mhaith léi a bheith ag cur díomá uirthi gach seachtain. Go tobann tharla sé go raibh an t-airgead fairsing, rud rúndiamhair ag an am, chun tacú leis an rud rúndiamhaire a bhí ar siúl agam ag an am, ag scríobh dráma. Bhí saol maith againn ó shin i leith.

I 1995, shaothraigh dráma de mo chuid, "The Steward of Christendom", roinnt airgid nuair a cuireadh ar stáitse é. De bhrí go raibh an t-airgead seo saor ó cháin, bhí an deis againn féin agus ár mbeirt leanaí, teach a cheannach tar éis na mblianta ar fad. Níor cuireadh bac ar bith orainn é sin a dhéanamh. Is é an rud is suntasaí faoi na healaíona ná nach mbaineann siad amháin díreach leis an té atá ag táirgeadh na healaíne. Is aisteach an rud é, anseo in Éirinn, go raibh sé d’ádh ar mo ghlúinse ár gclann a thógáil leis an méid a bhí ar eolas againn féin ón saol. Chuir an Rialtas forálacha i bhfeidhm ionas go bhféadfaí é sin a dhéanamh. Ní fhaigheann Éire ómós thar lear ar chúiseanna maoithneachais ná uaignis ach mar gheall gur chuidigh an rialtas anseo le héacht mhór mhillteach a bhaint amach. Bíonn daoine ag smaoineamh faoi cad is brí le healaíontóirí a bheith acu. Bíonn siad ag smaoineamh ar an bhfís a chum ealaíontóirí a bhí ina gcónaí go háitiúil sna 1900idí an chéad lá riamh faoin tír seo agus go bhfuilimid fós ag iarraidh fís a chumadh den tír. Bhí céimeanna praiticiúla i gceist lenár mbrionglóidí.
Ceann de na rudaí a ghoill ormsa mar dhuine atá ina chónaí i gCill Mhantáin ná gur dúradh i dtuarascáil McCarthy go "mbeadh cúrsaí ealaíne ann ar aon nós" beag beann ar mhaoiniú. Mheas mé gur béadán fíochmhar a bhí anseo ar shaol an ealaíontóra.  Smaoinigh mé láithreach ar Patrick Kavanagh ag fánaíocht ar Bhóthar Pembroke chun sé pinginí a fháil le cur sa mhéadar gáis nó le gloine fuisce a cheannach. Ní raibh a fhios ag an bhfear céanna riamh cad ab fhearr dó a dhéanamh. Sin é an saol a chaith sé, cé gurbh fear iontach a bhí ann. Ní bhfuair Kavanagh aon tacaíocht ón Stát. Ó 1969 i leith, le tabhairt isteach díolúine cánach na n-ealaíontóirí, tá rudaí aisteacha tarlaithe. Tá an fhís a bhí againn an chéad lá riamh feicthe arís againn. Tá struchtúir bhreátha curtha i bhfeidhm go cróga ag an Rialtas agus ag gníomhaireachtaí an Rialtais, ar nós na Comhairle Ealaíon.
Ní dóigh liom go mbeadh sé ina thubaiste fáil réidh leis na tacuithe seo ach thiocfadh deireadh lenár dtír dá ndéanfaí sin. Bheadh orainn ainm na tíre a athrú agus rud éigin eile a thabhairt uirthi, b’fhéidir tír McCarthy. Ní hí Éire mo shaoránacht a bheidh inti a thuilleadh."

Clonmel Junction Festival
arrow bullet iconCompántas rince Yelemba ón gCósta Eabhair – Comhfhéile Chluain Meala.
Foilseacháin le déanaí
15 Aibreán 2014: Irish Arts Sector - Private Investment Report (PDF, 1.16 MB)
10 Aibreán 2014: Tuarascáil Pras Íocaíocht 2014 (ráithe 1) (PDF, 0.46 MB)
07 Aibreán 2014: Annual report/An tuarascáil bhliantúil 2012 (PDF, 1.97 MB)