Rinne Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, Pat Moylan, comhghairdeas inniu le hAmharclann an Gate as Gradam cáiliúil Herald Angel a bhuachan i gcomhair féile Friel an Gate i nDún Éideann.
Ag labhairt di inniu, dúirt Pat Moylan: "seo scéal iontach eile ó earnáil ealaíon na hÉireann, a thagann díreach i ndiaidh do Elaine Murphy gradam a bheith buaite aici as Little Gem [á chomhléiriú ag Gúna Nua agus Amharclann an Civic i dTamhlacht]. Seo sampla eile d’amharclannaíocht na hÉireann ag déanamh go hiontach ar fud an domhain, agus is breá an rud é go bhfuair saothar Brian Friel aitheantas den chineál seo an bhliain a shroich sé ochtó bliain d’aois."
Lean an tUasal Moylan uirthi ag rá: "léiríonn sé seo conas is féidir leis an gcomhpháirtíocht straitéiseach idir an Chomhairle Ealaíon, a mhaoiníonn an méid sin bunsaothar nuálach Éireannach, agus Cultúr Éireann, an ghníomhaireacht atá freagrach as an saothar sin a chur chun cinn thar lear, torthaí suntasacha a bhaint amach ar féidir le muintir na hÉireann a bheith bródúil astu. Táimid lánchinnte go mbeidh tuilleadh saothair dhúchasacha ag cur aoibhneas ar lucht féachana sa bhaile sula gcuirfidh siad iontas agus lúcháir ar an domhan mór sna blianta atá amach romhainn -- in ainneoin an duaircis eacnamúil! Tá teachtaireacht shoiléir, shimplí le fáil ó na gradaim seo maidir le cáil idirnáisiúnta na hÉireann: tá tábhacht leis na healaíona."