Fáiltíonn an Chomhairle Ealaíon roimh iarratais ar dheontais i dtreo chostas trealaimh agus/nó feabhsúchán ar chaighdeán spásanna oibre ealaíontóirí. Eascraíonn sé seo as an Review of Visual Artists' Workspaces in Ireland (Athbhreithniú ar Spásanna Oibre Físealaíontóirí in Éirinn) de chuid na Comhairle le déanaí, a d'aithin an gá atá le hinfheistíocht chaipitiúil i spásanna oibre físealaíontóirí.
Deonóidh an scéim deontais chaipitiúla de suas le €5,000 chun trealamh riachtanach a cheannach/a chothabháil agus/nó chun tabhairt faoi fheabhsúcháin ar chaighdeán spás oibre na n-ealaíontóirí. Is ionann luach iomlán an chiste atá ar fáil agus €97,000.
Is é an spriocdháta don Scéim Mionchaipitil ná an Déardaoin 5 Samhain ag 5.30 i.n.
Conas iarratas a dhéanamh
Déantar an scéim a riar ag Ealaíontóirí Radharcacha Éire ar son na Comhairle Ealaíon. Ba cheart iarratais a sheoladh i gcruachóip agus i bhfoirm leictreonach (i bhformáid Word) chuig: