14 Deireadh Fómhair 2009: Amaideach maoiniú a ghearradh dar le Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon

Dúirt Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, an tUasal Pat Moylan, go mbeadh sé amaideach don Rialtas caitheamh le cúrsaí ealaíon mar shócamas ar furasta déanamh dá uireasa le linn géarchéim eacnamaíochta agus thug sí rabhadh gan buiséad na Comhairle Ealaíon ‘a ghearradh go héaganta’.  Dúirt sí gur chóir ina áit sin na healaíona a ghlacadh chugainn féin agus feidhm a bhaint as an gcumas atá acu poist a chruthú tráth a bhfuil dífhostaíocht mhór sa tír.

Ag labhairt leis an gCoiste Oireachtais ar na hEalaíona, áit a raibh an t-aisteoir Brendan Gleeson agus an scríbhneoir Colum McCann i measc na toscaireachta, beirt go deimhin a fuair maoiniú ón gComhairle Ealaíon nuair a thosaigh siad amach ar a gcuid gairmeacha, dúirt an tUasal Moylan dá mba réaltaí móra spóirt iad ealaíontóirí rathúla na hÉireann, go ndéanfaí comóradh níos mó orthu anseo in Éirinn.  Bhí an t-aisteoir Gabriel Byrne in éineacht leis an Uasal Moylan freisin. Chuaigh sé i dteannta na toscaireachta lena thacaíocht don Chomhairle Ealaíon a thaispeáint. 

Dúirt sí dá ndéanfaí an gearradh siar ar bhuiséad na Comhairle Ealaíon go raibh an baol ann go dtiocfadh deireadh le ról inspioráideach na n-ealaíon.  "Ní bheidh aon mhaith a bheith ag caint faoi nuair a bheidh an dochar déanta, caithfimid greim a choinneáil ar a bhfuil againn.  Creidim go n-ardaíonn na healaíona meanma mhuintir na tíre. Tuigim nach rud é seo atá le feiceáil ag cách. B’fhéidir nach dtuigfidís é - go dtí go mbeadh sé ródhéanach. Go dtí go mbeidh amharclanna folamh, go gcuirfear féilte ar ceal, go dtí go rachaidh ealaíontóirí agus aisteoirí i scuainí le haghaidh post in Dunnes Stores. Go dtí go gcuirfimid dul chun cinn na hearnála is rathúla is dóigh i saol na hÉireann ar cúl. Go dtí go bhfáilteoimid roimh bhearna mór cultúrtha inár saol."

Dúirt an tUasal Moylan leis an gCoiste: "Ba mhaith liom a thaispeáint cé chomh hamaideach atá sé caitheamh le cúrsaí ealaíon mar rud ar caitheamh aimsire éigin é don mheán aicme - rud atá go deas ach rud a ndéanfaimis dá uireasa nuair a bhíonn an saol go dona, rud éigin ar féidir leis an stát airgead a shábháil air faoi láthair gan an iomarca torthaí diúltacha dá bharr. Ní dhéanaim fonóid ar bith den tuairim sin.  Tuigim conas a d’fheicfeadh daoine a bheadh i mbun machnaimh éigeandála ar staid airgeadais na tíre é mar rud dlisteanach a d’fhéadfaí a ghearradh siar agus ansin go mbeidís in ann bogadh ar aghaidh. Ach is anailís lochtach é agus conclúid lochtach", a dúirt an tUasal Moylan.

"Agus nílim á rá sin díreach mar gheall ar an meas atá agam ar chúrsaí ealaíon.  Táim á rá mar dhuine a bhíonn ag plé le cúrsaí gnó. Ní aon chiall leis ar bhonn gnó.  Tugann an Chomhairle Ealaíon tacaíocht do 3,000 post (go díreach agus go hindíreach) leis an leithdháileadh €73 milliún a fhaigheann sí ón gcáiníocóir. As sin, íocann na heagraíochtaí sin €65 milliún i gcánacha díreacha agus indíreacha gach bliain.

"Oibríonn ealaíontóirí, aisteoirí, ceoltóirí agus iad sin ar fad a bhfuil baint fhorleathan acu le cúrsaí ealaíon leis na healaíona mar gheall ar a dtiomantas dóibh. Ar ndóigh baineann siad sásamh pearsanta as nuair a éiríonn go maith lena gcuid oibre. Ach is beag airgid a shaothraíonn an té a théann leis an gcineál seo gairme, bíonn tréimhsí acu nach saothraíonn siad aon airgead, agus déantar measúnú leanúnach ar a saothar agus ar a dtallann. Déantar go leor den mheasúnú sin go poiblí. Níl aon chinnteacht acu ina gcuid fostaíochta agus is obair uaigneach í os comhair ríomhaire nó canbháis.  Níl aon trácht ar scéimeanna pinsin, ar chostais ghalánta, ná ar aon oifigí gan chúram. I mbeagán focal ní fhaigheann ealaíontóirí dada in aisce!  Cuirfidh gearradh siar i gcúrsaí airgeadais luí na mbuillí orthu."

Maidir le buaiteoirí Éireannacha na nduaiseanna Tony, duaiseanna Booker agus duaiseanna Nobel sa litríocht, dúirt an tUasal Moylan: "Tá meas mór orthu in Éirinn.  Ach samhlaigh an meas mór millteach a bheadh orthu dá mbeadh bonn Óir sna Cluichí Oilimpeacha buaite acu, nó dá mba buaiteoirí mórchomórtais Gailf iad, nó seaimpíní an Triple Crown. Nach orainn a bheadh an bhís ag iarraidh breis áiseanna i linnte snámha, rianta, páirceanna, staideanna, i gcúrsaí cóitseála agus oiliúna le rath níos mó a chinntiú amach anseo. Agus an ceart ar fad againn ar ndóigh. Ach tá na daoine ceannann céanna againn i gcúrsaí ealaíon. Seaimpíní agus buaiteoirí cruthaithe.
"Insíonn rath na ndaoine seo go leor fúthu mar dhaoine. Ach insíonn sé freisin don saol mór gur chóir go mbeadh cuid mhaith deiseanna le tairiscint ag tír ar bith atá in ann tallann agus éachtaí cruthaitheacha den chineál seo a bhaint amach.  Cruthaíonn sé go bhfuil an tír in ann rud éigin a thairiscint do thurasóirí cultúrtha, d’infheisteoirí isteach, do chuideachtaí atá ag féachaint le fiontair a lonnú, d’eagraíochtaí cruthaitheacha eile atá ag iarraidh scileanna ealaíne a aimsiú chun freastal ar a gcuid saothar cruthaitheach féin.

"Má dhéantar gearradh siar místuama ar an mbunús ealaíonta ónar shíolraigh na daoine seo, ní bheidh an oiread seaimpíní go deo arís againn i saol na n-ealaíon. An mbeidh leithéidí Séamus Heaney, nó Anne Enright againn go deo arís nó go deimhin Brendan Gleeson nó Gabriel Byrne?  Is daoine iad seo a thugann clú agus cáil don tír seo agus a tharraingíonn turasóirí ina sluaite anseo. Is fiú €2.1 billiún go bliantúil Turasóireacht Chultúrtha don gheilleagar - ní féidir neamhaird a dhéanamh de sin.

Dúirt an tUasal Moylan go gcaithfear aird a tharraingt ar an gcumas atá ag cúrsaí ealaíon agus cultúir 10,000 post breise a chruthú.  "Tá cumas mór ann poist a mhéadú san idirphlé a tharlaíonn idir tionscail ealaíon agus tionscail chruthaitheacha eile. Tabharfaidh mé sampla amháin daoibh - réimse na gcluichí físeán agus na gcluichí ar líne. Sin earnáil atá ag fás má bhí aon cheann riamh ann. Ach teastaíonn insint ón earnáil seo, guthanna aisteoirí, físealaíontóirí, ceol srl. Agus tá foinsí eile ann atá in ann fiontair chruthaitheacha agus nuálaíocha a chur ar bun nó a lonnú anseo in Éirinn mar gheall ar an gcáil atá orainn agus mar gheall i ndáiríre gur daoine cruthaitheacha muid anseo in Éirinn," a dúirt an tUasal Moylan leis an gCoiste.  Beidh an Chomhairle Ealaíon, a dúirt sí, ag díriú ar an gcomhoibriú seo le cuideachtaí cruthaitheacha mar réimse a bheifear in ann a spreagadh amach anseo.

Teistiméireachtaí ó Ealaíontóirí

Sebastian Barry

"Ní dóigh liom go bhfuil mórán déanta agam, idir leabhair agus dhrámaí, nach bhfuair cabhair agus tacaíocht airgeadais -- agus go deimhin tacaíocht spioradálta -- ón gComhairle Ealaíon.
Tá mo shaol scríbhneoireachta anseo in Éirinn faoi chomaoin ag an gComhairle."


Helena Mulkerns 

"Níl aon amhras ach go raibh Dámhachtain Sparánachta na Comhairle Ealaíon riachtanach domsa sa dul chun cinn a rinne mé mar scríbhneoir le linn 2009.  Ar leibhéal amháin, chuir an Sparánacht ar mo chumas roinnt ama a chaitheamh leis an scríbhneoireacht, am a bheadh orm a chaitheamh ag saothrú mo bheatha go neamh-chruthaitheach murach sin.

Ach níos tábhachtaí ná sin fiú, toisc gur mór an onóir d’aon duine sna hEalaíona in Éirinn Sparánacht a thairiscint dóibh, dheimhnigh an deontas mo chuid oibre mar scríbhneoir, thug sé misneach dom leanúint ag obair ar an úrscéal agus thug sé inspioráid dom smaoineamh ar dheiseanna níos leithne laistigh de réimse na scríbhneoireachta.  

Cheana féin i mbliana fiú amháin, d’éirigh go maith liom i mo phríomh-iarracht scríbhneoireachta:  Táim leathbealaigh tríd an gcéad dhréacht de m’úrscéal.  Ina theannta sin, táim ar an ngearrliosta do Dhámhachtain Gearrscéalta Francis MacManus; foilsíodh dhá phíosa liom i Léirmheas Liteartha sna Stáit Aontaithe; foilsíodh ceann de mo chuid dánta sa tsraith Nua-Scríbhneoireacht na hÉireann (New Irish Writing) de chuid The Sunday Tribune/Hennessy Brandy, agus tá an léirmheas liteartha Crannóg i nGaillimh chun ceann de mo chuid dánta a fhoilsiú freisin ina n-eagrán do mhí Dheireadh Fómhair.

Mar sin, níl aon amhras orm ach gur éirigh go maith liom i mo chuid oibre mar scríbhneoir díreach mar gheall ar an deontas flaithiúil seo, agus táim buíoch don Chomhairle Ealaíon as é a thabhairt dom." 

Emma Fitzgerald
"Is mise Emma Fitzgerald - ealaíontóir atá ag obair le Damhsa Comhaimseartha in Éirinn. Is í an cholainn an córas trína ngníomhaíonn an ealaín i nDamhsa Comhaimseartha. Deimhníonn an sparánacht a dhámh an Chomhairle Ealaíon orm an tábhacht agus an t-údarás atá ag an taighde a rinne mé ar na fórsaí atá mar chuid de mo chleachtas ealaíonta agus cuireann an sparánacht le doimhneacht agus le caighdeán an taighde sin. Oibrím in iarracht a bheith in ann cur síos níos cruinne a dhéanamh ar na deacrachtaí reatha agus na teorainneacha sonracha a bhaineann le Damhsa Comhaimseartha ionas gur féidir leis an maitrís teanga ina mbogaimid tacú leis an gcolainn ina dtagann teanga ar an saol inti."

Tommy Peoples

"Táim go mór faoi chomaoin ag an gComhairle Ealaíon as an gcúnamh a thug sí dom le mo shaothar ceoil, mo chuid teicnící agus mo stíl seanma a dhoiciméadú agus a chaomhnú sa réimse ceoil traidisiúnta. Tugann sé misneach mór dom agus onóir mhór a leithéid d’aitheantas a fháil ar mo shaothar leis na blianta agus go deimhin cuidiú chun bailchríoch a chur ar thionscadal atá gar do mo chroí, mar gheall ar an gcion atá agam ar na daoine a raibh meas acu agus a thug leo traidisiún agus áilleacht an cheoil."

Daniel Figgis

"Is duine mise atá den tuairim go n-uaislíonn an ealaín an duine agus go gcuireann sí ar ár gcumas cuid den chonradh sóisialta a chomhlíonadh. Ní éalú ó dhualgas í gníomhaíocht ealaíonta. Ba chóir go n-íocfaí pá atá ar aon dul lena luach le cleachtóirí ealaíonta díreach mar a íoctar le haon soláthraí seirbhíse eile. Trí thacaíocht a fháil ón gComhairle Ealaíon bhí mise in ann éagsúlacht leathan de shaothar sainiúil nua a choimisiúnú, idir shaothar ceolmhar agus amhairc, thar speictream neamhghnách d’oibrithe ealaíon -bhí 19 saothar nua i gceist ar fad."

Clonmel Junction Festival
arrow bullet iconCompántas rince Yelemba ón gCósta Eabhair – Comhfhéile Chluain Meala.
Foilseacháin le déanaí
15 Aibreán 2014: Irish Arts Sector - Private Investment Report (PDF, 1.16 MB)
10 Aibreán 2014: Tuarascáil Pras Íocaíocht 2014 (ráithe 1) (PDF, 0.46 MB)
07 Aibreán 2014: Annual report/An tuarascáil bhliantúil 2012 (PDF, 1.97 MB)