30 Iúil 2009: Foirne Gearrscannán Rathúla 'FRAMEWORKS' Fógartha

Tá an-áthas ar an gComhairle Ealaíon, ar Bhord Scannán na hÉireann, agus ar RTÉ na tionscadail nua rathúla FRAMEWORKS a fhógairt. Ní bhfuarthas an oiread iarratas riamh cheana agus bhí an caighdeán an-ard.

Is iad seo a leanas na tionscadail a roghnaíodh i mbliana:

  • 23 Degrees 5 Minutes a scríobhfaidh agus a stiúrfaidh Darragh O’Connell agus a léireoidh Colm Tyrell ó Brown Bag Films.
  • The Meaning of Eggsistence a scríobhfaidh agus a stiúrfaidh Bruce Ryder agus a léireoidh Stephen Rennicks agus Lenny Abrahamson ó Element Films.
  • The Boy Who Lived in a Bubble a scríobhfaidh agus a stiúrfaidh Kealan O’Rourke agus a léireoidh Brian Willis ó Igloo Productions.
  • Red Lead a scríobhfaidh agus a stiúrfaidh Tony O’Donoghue agus a léireoidh Cathal Black ó Mayfly Film Teo.
  • Paperman a scríobhfaidh Richard Kelly agus Sean Ryan, a stiúrfaidh Richard Kelly agus a léireoidh Jessica Kelly ó Prickly Pear Productions.

Roghnaigh painéal ar a raibh ionadaithe ó lucht maoinithe na hiarratasóirí ar éirigh leo: Bord Scannán na hÉireann, RTÉ agus an Chomhairle Ealaíon agus painéalaí idirnáisiúnta seachtrach. Ba é Eric Riewer ó choláiste beochana na Fraince Gobelins l’ecole de l’image i bPáras an t-ionadaí seachtrach i mbliana.

Tá FRAMEWORKS dírithe go hiomlán ar ghearrscannán beochana a léiriú a mhairfidh suas le sé nóiméad. Is é seo an 14ú bliain dó agus bunaíodh é i 1995 agus é mar rún tallann agus scileanna nua a fhorbairt i réimse na beochana. D’éirigh go han-mhaith leis go dtí seo ag tacú le léiriúchán obair chruthaitheach chorraitheach. I measc na mórghníomhartha le déanaí tá A Film from my Parish, a stiúir Tony Donoghue, a roghnaíodh le haghaidh na Féile Sundance; agus Granny O’Grimm’s Sleeping Beauty, a léirigh Brown Bag Films, a fuair roinnt duaiseanna idirnáisiúnta agus a bhí le feiceáil ag cuid mhór féilte ar fud an domhain lena n-áirítear Féile Palms Springs agus Féile Scannán Omaha i SAM agus Féile Heart of Gold san Astráil. I measc na ngearrthóg FRAMEWORKS a bhí ann roimhe seo tá Give Up Your Aul Sins a ainmníodh le haghaidh Gradam Oscar sa Chatagóir don Scannán is Fearr in 2001.

Clonmel Junction Festival
arrow bullet iconCompántas rince Yelemba ón gCósta Eabhair – Comhfhéile Chluain Meala.
Foilseacháin le déanaí
15 Aibreán 2014: Irish Arts Sector - Private Investment Report (PDF, 1.16 MB)
10 Aibreán 2014: Tuarascáil Pras Íocaíocht 2014 (ráithe 1) (PDF, 0.46 MB)
07 Aibreán 2014: Annual report/An tuarascáil bhliantúil 2012 (PDF, 1.97 MB)