28 Iúil 2009: Tréaslaíonn an Chomhairle Ealaíon le scríbhneoirí faoina bhfadliostú don duais "Man Booker Prize"

Tréaslaíonn an Chomhairle Ealaíon leis na scríbhneoirí Éireannacha Colm Tóibín, Ed O’Loughlin agus William Trevor ar cuireadh a saothair ar fhadliosta don Duais Man Booker.

Tar éis an fhógra, dúirt Sarah Bannan, Ceann Litríochta na Comhairle:  "Úrscéal gleoite léirsteanach é Brooklyn. Tá an-smacht gutha agus pointe féachana ag an Tóibíneach, agus an-bhá aige lena charachtair agus lena chois sin tá bua na scéalaíochta go smior ann. Cinntíonn na tréithe sin go bhfanfaidh an saothar seo in aigne an léitheora i bhfad i ndiaidh dó an leathanach deireanach a léamh. Scéal casta aireachtálach faoi eisimirce agus teacht in aois atá ann, ach fós is cur síos sofaisticiúil cumasach láidir é ar an saol go hinmheánach agus ar mhothúcháin cheilte."

Saothar cumasach ficsean is ea Love and Summer a dhaingníonn áit William Trevor mar fhathach liteartha an lae inniu.  Is scríbhneoir é a cuireadh ar an ngearrliosta ceithre uaire cheana agus ní theipeann ar a shaothar daoine a spreagadh, a shaighdeadh agus a gcroí a bhogadh."

Tá sé de bhua ag Ed O’Loughlin faire a dhéanamh ar idirghabháil pholaitiúil agus dhaonna, agus ó tá an-chumas go deo ann mar scríbhneoir is leabhar cumasach corraitheach é a chéad úrscéal nach féidir dearmad a dhéanamh air.  Tá Not Untrue & Not Unkind, cosúil leis na saothair Éireannacha eile ar an ngearrliosta seo sa mhéid is gur saothar grástúil casta é a bhfuil áit ar an ngearrliosta saothraithe go rí-mhaith aige."

Clonmel Junction Festival
arrow bullet iconCompántas rince Yelemba ón gCósta Eabhair – Comhfhéile Chluain Meala.
Foilseacháin le déanaí
09 Aibreán 2013: Arts Council Prompt Payments Report January-March 2013 (PDF, )
09 Eanáir 2013: Title (GA) (PDF, )
14 Nollaig 2012: Review of theatrical presentations of curriculum plays for second-level school audiences (PDF, 3.30 MB)