Tá an Chomhairle Ealaíon ag iarraidh ar gach eagraíocht agus gach duine a bhfuil maoiniú acu ón gComhairle sonraí maidir le himeachtaí poiblí a chur isteach lena gcur san áireamh i dtreoir nua ar líne. Tá an suíomh "beo" cheana féin ag http://events.artscouncil.ie agus déanfar seoladh foirmiúil air go luath. Déanfar an treoir a chur chun cinn agus a fhógairt go forleathan.
Tá an tseirbhís dírithe ar an bpobal i gcoitinne chun aird a tharraingt ar an réimse suntasach imeachtaí ealaíon timpeall na tíre ar fad -- chomh maith le daoine a ghríosú chun freastal orthu agus a bheith páirteach iontu. Is féidir le húsáideoirí cliceáil ar a gcontae chun liosta a fháil ar an bpointe boise d'imeachtaí áitiúla agus is féidir leo cuardach a dhéanamh freisin bunaithe ar fhoirm ealaíne, ar dháta nó ar chritéir eile.
Chomh maith le bheith an-úsáideach mar sheirbhís phoiblí, chun líon lucht féachana a ardú agus an turasóireacht chultúrtha a ghríosú, tá an Chomhairle Ealaíon ag súil go léireoidh an treoir seo na díbhinní ollmhóra don tsochaí agus don eacnamaíocht ó infheistíocht phoiblí sna healaíona.
Ón nóiméad seo, iarrtar ar eagraíochtaí ealaíon agus ealaíontóirí na himeachtaí poiblí atá á reáchtáil acu a chur isteach. Lean an nasc thíos chun eolas a fháil maidir leis seo.
Imeachtaí a Chur isteach
Tá tuilleadh eolais ar an gcaoi le himeachtaí a chur isteach le fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon:
http://www.artscouncil.ie/Publications/Treoracha%20maidir%20leis%20an%20bhféilire%20imeachtaí.pdf