Sheol an Chomhairle Ealaíon treoir ar líne saor in aisce inniu don iliomad gníomhaíochtaí, seónna, taispeántas agus léirithe a dtugann sí tacaíocht dóibh ar fud na tíre. Cuireann an treoir faisnéis ar fáil faoi raon leathan imeachtaí agus is féidir gnéithe a roghnú de réir contae, míosa nó catagóire - mar shampla féilte, ceolchoirmeacha, ceoldrámaí, drámaí agus ealaíona do leanaí. Tá níos mó ná 1,000 imeacht sonraithe ar an suíomh gréasáin faoi láthair.
Creideann Pat Moylan, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, go gcuirfidh an treoir borradh faoi thurasóireacht agus faoi fhostaíocht áitiúil agus réigiúnach: "Dearadh an acmhainn seo chun cabhrú le pobail áitiúla agus le daoine aonair teacht ar fhaisnéis chultúrtha. Tá súil againn go n-úsáidfidh oifigí turasóireachta ar fud na tíre an suíomh gréasáin chun feasacht a mhúscailt faoi na himeachtaí a bheidh ar siúl ina gceantar áitiúil le linn na bliana, agus chun iad a chur san áireamh ina gcuid pleananna.
"Príomhfhoinse ioncaim is ea an t-ioncam a thuilltear ó thurasóireacht bhaile agus idirnáisiúnta agus b’olc an rud dúinn é an t-ioncam sin a chailleadh. Meastar gur fiú €5 billiún an turasóireacht chultúrtha go bliantúil do gheilleagar na hÉireann trí chaiteachas díreach agus indíreach. Is trí dhaoine a chur ar an eolas maidir lenár n-imeachtaí ealaíon uile, agus trí iad a chur chun cinn anseo sa bhaile agus thar lear a bheidh muid in ann cabhrú le turasóireacht chultúrtha na hÉireann a spreagadh."
Dúirt Mary Cloake, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: "Is iad na healaíona an acmhainn náisiúnta is mó atá againn, agus tá an cumas acu infheistíocht shuntasach a mhealladh agus a lán post a chruthú in Éirinn. Méadaíonn na healaíona ár gclú náisiúnta agus cuireann siad taispeántas den scoth ar fáil d'ár sochaí, taispeántas atá ilchineálach, samhlaíoch agus nuálaíoch."
Logáil isteach ar www.events.artscouncil.ie chun féachaint ar an treoir imeachtaí agus chun an méid atá ag tarlú i do cheantar áitiúil féin a scrúdú.