Tá rún daingean straitéiseach ag an gComhairle Ealaíon agus Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann tacaíocht a thabhairt don ealaíontóir gairmiúil aonair. Tá an dá chomhairle tar éis Hibernian Consulting a chomhchoimisiúnú chun taighde forleathan mionsonraithe a dhéanamh ó cheann ceann an oileáin ar choinníollacha maireachtála agus oibre ealaíontóirí. Tá an taighde á dhéanamh chun bunachar maith sonraí cothrom le dáta a chur ar fáil a úsáidfear chun taca a chur faoi chinntí maoinithe an rialtais, athruithe a dhéanamh ar timpeallacht rialachán ealaíontóirí, agus chun modhnú a dhéanamh ar straitéisí beartais agus maoinithe na gComhairlí féin. Déanfar an taighde ó seo go deireadh na bliana agus meastar go gcríochnófar agus go bhfoilseofar é in 2010.
Cuideachta taighde socheacnamaíochta í Hibernian Consulting a bhfuil an-taithí agus saineolas acu maidir le cúrsaí ealaíon. Tá sé cruthaithe acu arís is arís eile gur féidir leo obair ar an scála seo a chur i gcrích. Áirítear ar an bhfoireann Insight Statistical Consulting agus an Dr Clare McAndrew a bhfuil clú idirnáisiúnta bainte amach aici ó thaobh cúrsaí ealaíontóirí san eacnamaíocht, cánachas agus tairbhí.
Ullmhaíodh páipéar mionsonraithe comhthéacs Taighde maidir le (0.25 MB, Adobe PDF). Tugtar aghaidh sa pháipéar ar shainmhíniú a thabhairt ar cad is ealaíontóir ann, ar réasúnaíocht an taighde, ar na sonraí atá ar fáil cheana féin in Éirinn, ar an timpeallacht rialacháin agus tacaíochta, agus ar an timpeallacht athraitheach ina bhfuil ealaíontóirí ag gníomhú mar aon le coimriú a dhéanamh ar na príomh-shaincheisteanna taighde.
Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le Enid Reid Whyte, Bainisteoir an Tionscadail Taighde ar Ealaíontóirí, ag: enidreid.whyte@artscouncil.ie.
Modúil taighde agus clár ama
| Title | Title | Title |
|---|
| An chéad chruinniú | Aibreán 2009 | Déanta |
| Súil ar na foinsí scríofa idirnáisiúnta agus ar an gcomhthéacs socheacnamaíochta | Aibreán go Samhain 2009 | Ar siúl faoi láthair |
| Tiomsú bunachar sonraí na n ealaíontóirí, an suirbhé a dhearadh agus a dhéanamh | Iúil go Meán Fómhair 2009 | Ar siúl faoi láthair
|
| Na sonraí a iontráil, anailís a dhéanamh orthu agus léirmhíniú a bhaint astu | Deireadh Fómhair go hEanáir 2010 | |
| Dréachtú na tuarascála | Eanáir go Feabhra 2010 | |
| An tuarascáil críochnaithe (inmheánach) | Earrach 2010
| |
| Foilsiú na tuarascála | Samhradh 2010 | |