20 Iúil 2009: Is cúis mhéala don Chomhairle Ealaíon bás Frank McCourt

Déanann an Chomhairle Ealaíon comhbhrón ó chroí le teaghlach agus le cairde Frank McCourt, a fuair bás aréir.
 
Ag labhairt di faoin scéal, dúirt Mary Cloake, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: "Ba scríbhneoir den scoth é Frank McCourt a raibh bua mór aige. Chuaigh a shaothar i gcion ar go leor leor léitheoirí agus bhain sé ardmholadh amach ó léirmheastóirí. Níl amhras ar bith ach gur píosa breá litríochta é Angela’s Ashes, an saothar ba cháiliúla dá chuid, a ghoill ar chuid mhaith daoine. Is saothar é a raibh tionchar mór aige ar a chuid léitheoirí, saothar nár dhearmadadh go héasca. D’fhág prós fileata agus beoga Frank McCourt, chomh maith lena dhearcadh nuálaíoch maidir leis an dialóg, tionchar suntasach ar an mbeathaisnéis mar seánra, agus ar an scríbhneoireacht liteartha tríd is tríd. Cé go raibh sé amach sna blianta nuair a foilsíodh a chéad leabhar, d’fhág Frank McCourt marc suntasach faoi leith ar chúrsaí litríochta na hÉireann agus an tóir a bhí ag daoine ar an litríocht sin, in Éirinn agus go hidirnáisiúnta araon. Is mian leis an gComhairle Ealaíon a comhbhrón a chur in iúl do theaghlach agus do chairde Frank McCourt, agus aitheantas a thabhairt do shaol agus do shaothar eisceachtúil an scríbhneora."
 

Clonmel Junction Festival
arrow bullet iconCompántas rince Yelemba ón gCósta Eabhair – Comhfhéile Chluain Meala.
Foilseacháin le déanaí
22 Aibreán 2014: Title (GA) (PDF, )
15 Aibreán 2014: Irish Arts Sector - Private Investment Report (PDF, 1.16 MB)
10 Aibreán 2014: Tuarascáil Pras Íocaíocht 2014 (ráithe 1) (PDF, 0.46 MB)