16 Feabhra 2009: Déanann an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas le George Morrison, comhalta de chuid Aosdána

Déanann an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas le George Morrison, comhalta de chuid Aosdána, ar bhronnadh an Industry Lifetime Contribution Award (Gradam Cion Saoil an Tionscail) air ón Irish Film and Television Academy (IFTA - Acadamh Teilifíse agus Scannán na hÉireann).

Arna bhronnadh ag an Uachtarán Mhic Ghiolla Íosa, tugann an gradam aitheantas d’éachtaí George Morrison mar scannánóir faisnéise agus mar chartlannaí. Ag labhairt dó mar gheall ar an ngradam dúirt Toby Dennett, Cláraitheoir Aosdána, "Tá George Morrison ar dhuine de na scannánóirí is mó tionchair in Éirinn agus tá an gradam seo tuillte go maith aige". Is fearr aithne ar Morrison dá chuid saothar sna 50idí agus na 60idí.  Is iad na  saothair is mó a thagann chun cuimhne ná na cláir faisnéise cheannródaíocha ‘Mise Éire’ agus ‘Saoirse’ a d’inis scéal Éirí Amach na Cásca agus Chogadh na Saoirse in Éirinn.

 Lena chois sin, fógraíodh ag an searmanas bronnta ar an 14 Feabhra go bhfuil an tAcadamh chun ‘gradam Ghnéchlár Faisnéise George Morrison’ (George Morrison Feature Documentary award) a thabhairt ar an gcatagóir ‘Gnéchlár Faisnéise IFTA’ (IFTAs Feature Documentary) ina onóir

Clonmel Junction Festival
arrow bullet iconCompántas rince Yelemba ón gCósta Eabhair – Comhfhéile Chluain Meala.
Foilseacháin le déanaí
15 Aibreán 2014: Irish Arts Sector - Private Investment Report (PDF, 1.16 MB)
10 Aibreán 2014: Tuarascáil Pras Íocaíocht 2014 (ráithe 1) (PDF, 0.46 MB)
07 Aibreán 2014: Annual report/An tuarascáil bhliantúil 2012 (PDF, 1.97 MB)