Is trua leis an gComhairle Ealaíon go mór bás Christopher Nolan, a bhí ina bhall de Aosdána.
Rugadh é i 1965, agus thosaigh sé ag scríobh agus é fós óg d’ainneoin pairilis cheirbreach a bheith air, agus d’fhoilsigh sé cnuasach dánta, Dam-burst of Dreams, i 1981. Bhuaigh a dhírbheathaisnéis, Under the Eye of the Clock, ‘Gradam Whitbread do Leabhar na Bliana’ i 1987, agus d’fhoilsigh sé úrscéal, The Banyan Tree, i 1999.
Ag labhairt di inniu dúirt, Mary Cloake, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: "Ba scríbhneoir é Christopher Nolan a raibh bua thar cuimse aige, agus a bhain éachtaí móra amach go minic le linn a shaoil agus a ghairme. Léirigh Under the Eye of the Clock, dírbheathaisnéis an scríbhneora agus buaiteoir Whitbread i 1987, go raibh teanga agus glór ar a chomhairle aige, agus dhaingnigh sé sin seasamh Nolan mar mhórscríbhneoir liteartha agus gan é ach bliain is fiche. Chuir Nolan go mór leis an saol liteartha agus cultúrtha agus déanann an Chomhairle Ealaíon comhbhrón lena chairde agus lena theaghlach."