Tá aiféala curtha in iúl ag an gComhairle Ealaíon faoin drámadóir, údar agus colúnaí Jack Keyes Byrne, nó Hugh Leonard mar a bhí aithne ag cuid mhaith den phobal air, a bheith imithe ar shlí na fírinne Déardaoin, an 12 Feabhra.
"Is cúis mór bróin don Chomhairle Hugh Leonard a bheith ar shlí na fírinne. Ba dhuine de laochra théatar na hÉireann é, a scríobh cuid de na drámaí ba mharthanaí agus ba mhór tóir orthu san 20ú haois. Léiríonn an rath a bhí ag Da ar Broadway agus timpeall na cruinne stádas Leonard mar dhrámadóir domhanda. Taobh amuigh den téatar, ba scríbhneoir é Hugh a raibh tallann iontach aige sna meáin eile, agus an-tóir air i measc léitheoirí na hÉireann a bhí tuillte go maith aige"
Dúirt David Parnell, Ceannaire Téatair, "Cuireann sé an-bhrón orainn an nuacht seo a chloisteáil. Bhí aithne ar Jack ar fud phobal an téatair mar dhuine greannmhar, cliste a raibh croí mór aige. Mar an gcéanna le Donal McCann agus Maureen Potter roimhe, a ghlac páirteanna i léiriú Joe Dowling ar Da sna 1990í a maireann sa chuimhne, aireoidh go leor dá chuid comhghleacaithe sa téatar uathu go mór é."