08 Márta 2009: Is cúis mhéala don Chomhairle Ealaíon bás Anna Manahan

Tá aiféala curtha in iúl ag an gComhairle Ealaíon ar chloisteáil dóibh faoi bhás Anna Manahan.

Rugadh Anna i gCathair Phort Láirge, agus bhí iliomad róil aici i dtéatar, teilifís agus scannáin na hÉireann agus Shasana thar thréimhse a gairme aisteoireachta a mhair os cionn leathchéad bliain.

Ag labhairt di inniu dúirt Pat Moylan, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon: "Is trua leis an gComhairle Ealaíon go mór bás Anna Manahan. Ba ghairmí den scoth í Anna, agus bhí aisteoireacht téatair go smior inti. Bhain lucht féachana ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain an-sásamh as a saothar, agus aireoidh a comhghleacaithe agus a cairde i saol téatair na hÉireann uathu go mór í."

Fuair an tUasal Manahan ainmniúchán do Ghradam Tony i 1969 as a ról i léiriú Broadway den dráma Lovers le Brian Friel. Ag filleadh ar Broadway di 30 bliain níos déanaí, bhuaigh Anna Gradam Tony na bliana 1998 as a ról "Mag" sa léiriú de The Beauty Queen of Leenane a bhain ardmholadh amach.

Clonmel Junction Festival
arrow bullet iconCompántas rince Yelemba ón gCósta Eabhair – Comhfhéile Chluain Meala.
Foilseacháin le déanaí
09 Aibreán 2013: Arts Council Prompt Payments Report January-March 2013 (PDF, )
09 Eanáir 2013: Title (GA) (PDF, )
14 Nollaig 2012: Review of theatrical presentations of curriculum plays for second-level school audiences (PDF, 3.30 MB)