16 Feabhra 2009: Grafton Architects fógartha sa bhabhta ceannais i gcomhair Dhuais an Aontais Eorpaigh um Atitle here

Rinne an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas le Grafton Architects as a bheith ainmnithe sa bhabhta ceannais i gcomhair Dhuais an Aontais Eorpaigh um Ailtireacht Chomhaimseartha - Dámhachtain Mies van der Rohe 2009, atá ar cheann de na duaiseanna is tábhachtaí agus is mó clú i réimse na hailtireachta idirnáisiúnta.  Tá Grafton Architects ar an ngearrliosta de bharr an fhoirgnimh nua leo, Ollscoil Luigi Bocconi i gcroílár Milano. Tagann an fógra seo sna sála ar bhua na n-ailtirí i nDeireadh Fómhair don fhoirgneamh céanna ag Féile thionscanta Ailtireachta an Domhain i mBarcelona.  Ba í Shelley McNamara, atá ina comhstiúrthóir le Yvonne Farrell ar Grafton Architects, an chéad ailtire a toghadh riamh le bheith ina ball d'Aosdána in 2006. 

Dúirt Clare Doyle, Ceann Ailtireachta ag an gComhairle Ealaíon: ‘Déanann an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas le Grafton Architects as ucht a bheith ar an ngearrliosta I gcomhair na duaise Eorpaí seo atá fíor-chlúiteach. Tar éis bhua an chleachtais ag Féile Ailtireachta an Domhain i  mí Dheireadh Fómhair seo caite, léiríonn an fógra seo arís go bhfuil an cleachtas ag seachadadh oibre den chaighdeán is airde go hidirnáisiúnta. Táimid fíor-bhródúil go bhfuil ealaíontóirí na hÉireann i lár an aonaigh arís mar a bhaineann le héachtaí cultúrtha idirnáisiúnta’.  

Clonmel Junction Festival
arrow bullet iconCompántas rince Yelemba ón gCósta Eabhair – Comhfhéile Chluain Meala.
Foilseacháin le déanaí
09 Aibreán 2013: Arts Council Prompt Payments Report January-March 2013 (PDF, )
09 Eanáir 2013: Title (GA) (PDF, )
14 Nollaig 2012: Review of theatrical presentations of curriculum plays for second-level school audiences (PDF, 3.30 MB)