Is oth leis an gComhairle Ealaíon ar chloisteáil dóibh faoi bhás an scríbhneora agus an eagarthóra, David Marcus. Dúirt Mary Cloake, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon inniu: ‘Bhí tionchar as miosúr ag David Marcus ar litríocht na hÉireann agus thiomnaigh sé a shaol ar fad do scríbhneoirí agus don scríbhneoireacht. Mar eagarthóir, scríbhneoir agus aistritheoir, bhí ról thar na bearta agus uathúil aige i saol liteartha na hÉireann.’
Lean sí uirthi ag rá: ‘Bhí sé ina eagarthóir ar níos mó ná deich nduanaire is fiche de scéalta agus d’fhilíocht Éireannach
agus ina údar ar roinnt saothar úrnua ficsin chumasaigh agus mar oide múinte dhúthrachtaigh do ghlúinte scríbhneoirí Éireannacha. Chuaigh a thiomantas i gcion go mór ar an bhfoirm ealaíne agus leanfaidh sé de dháimh a bheith aige ann sna blianta atá amach romhainn.’
Rinne Marcus eagarthóireacht ar New Irish Writing (san Irish
Press) ó 1968 go 1998 agus bhí tionchar forleathan ag an alt seo agus rinne sé saothar scríbhneoirí cosúil le Dermot Bolger, John McGahern, William Wall, Anne Enright, Claire Keegan, Bernard McLaverty, Joseph O'Connor agus Colm Tóibín a fhoilsiú.
Ba mhaith leis an gComhairle Ealaíon a comhbhrón a chur in iúl do theaghlach David Marcus agus a chairde, agus go háirithe a bhean Ita, atá ina scríbhneoir agus mar bhall d’Aosdána.