Téigh i dteagmháil linn
Má tá breis eolais faoi chéimeanna ealaíon nó cúrsaí iarchéime in Éirinn uait d’fhéadfá féachaint ar an láithreán gréasáin Qualifax www.qualifax.ie Is bunachar náisiúnta sonraí é seo maidir le cúrsaí oideachais tríú leibhéil agus cúrsaí breisoideachais. Is éard atá i Qualifax ná ionad amháin inar féidir le treoirchomhairleoirí agus mic léinn gach faisnéis a fháil faoi chúrsaí. Lena chois sin b’fhéidir gur mhaith leat féachaint ar an láithreán gréasáin um roghanna gairme atá ag FÁS www.careerdirections.ie chun faisnéis a fháil faoi bheith i d’ealaíontóir.
B’fhéidir gur mhaith leat cuairt a thabhairt ar an láithreán gréasáin artslistings chun faisnéis a fháil faoi dheiseanna in Éirinn. Acmhainn eolais uile-oileánda is ea suíomh gréasáin seo na n-imeachtaí ealaíne. Is iad an dá chomhairle ealaíon in Éirinn a d'fhorbair é agus a dhéanann cothabháil air. Lena chois sin tugann an Chomhairle Ealaíon tacaíocht do roinnt eagraíochtaí chun fhaisnéis a thabhairt faoi na healaíona in Éirinn. Féadfaidh tú dul ag brabhsáil trí sheirbhísí agus acmhainní na n-eagraíochtaí seo, lena n-áirítear faisnéis faoi dheiseanna.
Cuireann Deasc Idirnáisiúnta na nEalaíon de chuid the Arts Council/An Chomhairle Ealaíon faisnéis idirnáisiúnta ar fáil faoi na healaíona d’fhiosróirí in Éirinn. Féach ar leathanaigh ghréasáin na Deisce Idirnáisiúnta / CCP le faisnéis a fháil faoi dheiseanna idirnáisiúnta – féilte agus taispeántais, mar shampla, comhdhálacha agus siompóisiamaí.
Fógraítear folúntais go poiblí de réir mar a tharlaíonn siad agus foilsítear iad ar ár láithreán gréasáin sa chuid Maidir linne.
Foilsíonn an Chomhairle Ealaíon nuachtlitir míosúil html freisin ina mbíonn nuacht agus an scéal is déanaí faoi dheontais, dámhachtainí, imeachtaí agus postanna i bpobal na n-ealaíon. Is féidir clárú chun an Nuachtlitir a fháil anseo.
Young Woman With Rose 2/3, (black and white silver gelatin print) - Nigel Rolfe, 1996, Bailiúchán na Comhairle Ealaíon - dánlann fhíorúil.