| Ainm | Spriocdháta | Uasmhéid Bronnta € | Cur síos |
| An Dámhachtain do Léiriúchán Ceoldráma | 09 Feabhra 2012 | Gan teorainn | Is éard atá i gceist leis an dámhachtain ná tacaíocht a thabhairt chun léiriúcháin ceoldráma a dhéanamh agus a léiriú le linn 2012, ag teacht le beartas foilsithe na Comhairle Ealaíon le haghaidh ceoldráma |
| Deis | 09 Feabhra 2012 | 20000 | Is scéim í Deis a bunaíodh faoi Thionscnamh na Comhairle Ealaíon um na hEalaíona Traidisiúnta, 2005-2008. Tá sé mar aidhm ag Deis lucht na n-ealaíon traidisiúnta a spreagadh chun maoiniú a lorg ón gComhairle Ealaíon le haghaidh raon tionscadal. |
| Scéim na bhFéilte Ealaíon Beaga | 10 Feabhra 2012 | 20000 | Tá scéim na bhFéilte Ealaíon Beaga ann chun tacaíocht agus deiseanna a chur ar fáil dfhéilte ealaíon beaga nó imeachtaí a bhfuil maoiniú suas le €20,000 á lorg acu. |
| Scéim na nealaíontóirí sa phobal | 15 Márta 2012 | 10000 | Is í aidhm na scéime ná dian-chomhoibriú a spreagadh idir pobail áite agus/nó suime agus ealaíontóirí, a mbíonn saothar ealaíne nó tionscadal mar thoradh air, ina n-oibríonn baill an ghrúpa pobail agus na healaíontóirí le chéile chun tionscadal nó imeacht ealaíonta a chruthú. Tá Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal á bainistiú ag Create, an ghníomhaireacht forbartha pobail i gcomhair na n-ealaíon comhpháirteach, ag cur seirbhísí ar fáil i gcomhair forbartha ealaíon agus cleachtas ealaíne comhpháirteach in Éirinn. |
| Dámhachtain do Thionscadal Físealaíon | 29 Márta 2012 | 40000 | Ag tacaíocht tionscadail sna fisealaíona ag tosú i 2012. |
| Dámhachtain do Thionscadal Rannpháirtíochta s | 29 Márta 2012 | 40000 | Tacaíonn an dámhachtain do thionscadal Rannpháirtíochta le tionscnaimh i réimse Rannpháirtíochta sna hEalaíona |
| Dámhachtain do Thionscadal Scannáin | 29 Márta 2012 | 50000 | Ag tacaíocht tionscadail scannáin ag tosú i 2012. |
| Dámhachtain do Thionscadal Téatair | 29 Márta 2012 | 100000 | Ag tacaíocht tionscadail téatar ag tosú i 2012. |
| Dance project award | 29 Márta 2012 | 60000 | Tacaíonn an Dámhachtain do Thionscadal Damhsa le tionscnaimh i réimse an Damhsa. |
| Music project award | 29 Márta 2012 | 35000 | Ag tacaíocht tionscadail ceol ag tosú i 2012. |
| Traditional arts project award | 29 Márta 2012 | 90000 | Tacaíonn an Dámhachtain do Thionscadal sna hEalaíona Traidisiúnta le tionscnaimh i réimse an cheoil, na hamhránaíochta agus an rince thraidisiúnta agus na n-ealaíon béil. |
| Dámhachtain taifeadta Deis | 05 Aibreán 2012 | 10000 | Is é cuspóir Dhámhachtain Taifeadta Deis tacaíocht a chur ar fáil do thionscadail taifeadta sna healaíona traidisiúnta nó do thionscadail taifeadta ina mbeidh lucht na n-ealaíon traidisiúnta ag saothrú i gcomhar le lucht foirmeacha eile ealaíne |
| Dámhachtain taistil & oiliúna | 31 Nollaig 2012 | 12000 | Tá dhá shraith ag baint leis an dámhachtain seo. Is í an phríomhshraith ná Taisteal agus Oiliúint Amach, agus is chuici sin a bheidh an chuid is mó den mhaoiniú ar fáil; is í an dara sraith ná Taisteal agus Oiliúint Isteach. |