Ár ról

Is iad príomhghnóthaí na Comhairle Ealaíon faoin Acht Ealaíon 2003 ná:

  • spéis an phobail sna healaíona a spreagadh;
  • eolas agus léirthuiscint i leith na n-ealaíon, agus cleachtadh na n-ealaíon a chur chun cinn;
  • cabhrú le caighdeáin sna healaíona a fheabhsú;
  • comhairle i dtaobh na n-ealaíon a chur ar an Aire agus ar ghníomhaireachtaí eile rialtais.

Déanaimid sin trí:

  • cúnamh airgid a chur ar fáil d'ealaíontóirí d'eagraíochtaí ealaíne den chuid is mó ach freisin do pháirtithe eile a dhéanann na healaíona a fhorbairt agus a chur chun cinn;
  • comhairle agus eolas i dtaobh na n-ealaíon a thairiscint don Rialtas agus do pháirtithe eile;
  • taighde agus eolas a fhoilsiú mar agairt ar son na n-ealaíon agus ealaíontóirí;
  • tabhairt faoi raon tionscadal chun na healaíona a chur chun cinn agus a fhorbairt, cuid mhór acu i gcomhpháirt le páirtithe eile.