De réir mar a úsáideann tú an suíomh gréasáin seo, faighimidne eolas agus stórálaimid é. Cuireann an t-eolas sin ar ár gcumas an suíomh a fheabhsú agus freastal ar na hiarratais a dhéanann tú.
Chuige sin, baintear leas as fianáin ('cookies') a chuireann ar ár gcumas dúinn a fháil amach cad iad na leathanaigh a mbreathnaíonn tú orthu ar an suíomh gréasáin seo. Is féidir le húsáideoirí na fianáin seo a dhíchumasú agus leanúint orthu ag úsáid an tsuímh ghréasáin gan aon chuid dá fheidhmeanna a chailleadh.
Déanann ár soláthraí seirbhísí Idirlín sonraí teicniúla maidir le cuairteanna ar an suíomh gréasáin seo a logáil chun críche staitisticiúla. Ní bhailítear eolas ar bith a d'fhéadfaimid a úsáid chun cuairteoirí ar an suíomh gréasáin a aithint. Bíonn na sonraí teicniúla a logáiltear teoranta do na réimsí seo a leanas:
- Seoladh IP fhreastálaí gréasáin an úsáideora
- An t-ainm fearainn barrleibhéil a úsáidtear (mar shampla .ie, .com, .net, .biz)
- Seoladh an tsuímh ghréasáin ag a raibh an t-úsáideoir sular tháinig sé/sí go dtí ár suíomh féin, mar aon le cibé critéir chuardaigh a úsáideadh.
- Sonraí i dtaobh na scáileáin a cliceáladh, a léiríonn teacht agus imeacht úsáideoirí an tsuímh ghréasáin seo (mar shampla, leathanaigh a osclaíodh agus doiciméid a íoslódáladh).
- An cineál brabhsálaí gréasáin a mbaineann an t-úsáideoir feidhm as.
Déanann an Chomhairle na leathanaigh a bhrabhsálann tú ar an suíomh gréasáin a rianadh. Déantar sin chun go mbeidh tuiscint níos fearr ag an gComhairle maidir le riachtanais úsáideoirí an tsuímh ghréasáin. Tá sé de pholasaí ag an gComhairle gan a leithéid d'eolas teicniúil i dtaobh cuairteoirí indibhidiúla ar an suíomh gréasáin a nochtadh do thríú páirtí ar bith. Ní bhainfidh an Chomhairle aon leas as an eolas teicniúil seo ach ar mhaithe le staitisticí nó cuspóirí eile riaracháin.