Fógraí faoi chláir & imeachtaí

Tugann Culturefox.ie deis thábhachtach do gach duine atá i mbun imeachtaí agus gníomhaíochtaí ealaíon a chlársceidealú chun aird an phobail a tharraingt ar shaibhreas na n-imeachtaí cultúrtha a bhíonn ar siúl ar fud na hÉireann ó lá go lá agus chun rannpháirtíocht iontu a spreagadh.

Tá sé mar chuid éigeantach de Riachtanas na Comhairle Ealaíon maidir le Maoiniú a Admháil páirt a ghlacadh i suíomh Gréasáin Culturefox.ie agus imeachtaí agus gníomhaíochtaí ábhartha a uaslódáil.

Ar mhaithe leis an acmhainn nua a chur ar shúile an phobail agus aird a tharraing uirthi, beimid ag cur fógra Culturefox.ie in ionad na bhfógraí ‘Take a Bow / Bí Bródúil Asat Féin’ go dtí go bhfógrófar a mhalairt. Tá sé seo ar cheann de na príomhbhealaí atá againn chun na healaíona a chur chun cinn. 

Má bhíonn riachtanas ar leith agat maidir le méid nó téacs nach sásaítear leis na leaganacha seo, seol do shainiarratas i scríbhinn chuig Joe Stuart, Bainisteoir Poiblíochta agus Comhordaithe na nEalaíon  joe.stuart@artscouncil.ie

Na bhfógraí Culturefox.ie

 
Cad atá nua
» Breis nuachta
»RSS | Céard é seo?