An Phicnic Leictreach 2013 | Puball Liteartha na Comhairle Ealaíon

Le ceiliúradh ar an deichiú Picnic Leictreach i mbliana, tá meascán mearaí de chumadóirí focal is ceoltóirí bailithe le chéile againn ar mhaithe lena n-ealaíon amhra agus lena ndéanta a roinnt leat, agus chun ómós a thabhairt do shárshaothair atá ag comóradh ar cothrom lae dá gcuid féin i mbliana.

Ón mbuachaill sna pitseámaí stríocacha chuig an DJ nach múchtar - gan trácht ar an bhFear Rua drúisiúil! - geallann Puball Liteartha na Comhairle Ealaíon i mbliana fíor-raidhse beoga focal is ceoil daoibhse, a Lucht na Picnice, chomh maith le sciartha rabairneacha scannán is spraoi.

Sonraíonn 2013 an caogú cothram bliana den chéadeagrán neamhspochta d’úrscéal greannmhar faoi rógaire, The Ginger Man le J P Donleavy’.  Ó a cuireadh faoi chinsireacht é ar a chéadfhoilsiú anseo agus sna Stáit Aontaithe, ní raibh sé riamh as cló, agus tá gar go caoga milliún cóip díolta ar fud na Cruinne ó shin.  Ó a oiriúnaíodh é don téatar sa bhliain 1959, ina raibh Richard Harris sa phríomhpháirt mar Sebastian Dangerfield, tá athoibriú á dhéanamh ar an úrscéal don scáileán mór ó mhóidín de chuid Donleavy, Johnny Depp.  Tá an cumadóir anois ina seachtú bliain is ceithre scór agus tugtar ómós dó ar fud na Cruinne agus is annamh a fhágann sé a theach mainéir san Iarmhí, mar sin is le fíor-phribhléid dúinne fáilte a chur roimhe go Picnic s’againne le féachaint siar ar bithiúnach míchlúiteach s’aige, agus ar a shaol scríofa iontach.

Ag ceiliúradh cothrom lae i mbliana a bhfuil chomh mórthaibhseach céanna ná John Healy, ar a foilsíodh cuimhní cinn s’aige ceathrú aois ó shin i 1988. Ó a fuarthas ardmheas ar a scaoileadh - ó Harold Pinter agus ón scannánóir Ken Loach a dtug ardmholadh luath don ‘sárshaothar danartha’ seo - an rud a bhí níos eisceachtúla faoin leabhar seo ná go rugadh an t-údar d’imirceoirí Éireannacha i Kentish Town i London sa bhliain 1943, nach bhfuair sé aon oideachas foirmeálta, agus a raibh mar alcólach gan dídean ar feadh tuairim is cúig bliana déag i bpáirceanna fíochmhara Londan agus a ‘hamharclanna glasa’.  Tar éis aghneas iomraiteach a bhí aige le foilseoirí an leabhair s’aige sa bhliain 1991, ba náireach an scéal é gur coimeádadh The Grass Arena as cló go dtí 2008 nuair a atheisíodh é mar Penguin Modern Classic le brollach ó Daniel Day-Lewis.  Fiche cúig bliain tar éis a chéadfhoilsiú, is deis annamh é seo éisteacht le Healy léamh faoi thír bhreithe a dtuismitheoirí, agus an suíomh níos neamhurchóidí in Eastát Sráidbhaile.

Ceann de na buaicphointí ón bPuball Liteartha anuraidh - mura buaicphointe na féile iomlán féin - ná Roddy Doyle agus Glen Hansard a tharraingt le chéile le haghaidh uair a chloig amhráin agus sárspraoi grinn.  Leanaimid ar aghaidh lenár meascú ceoil i mbliana, agus tá Paul Murray (údar ar Skippy Dies, a cuireadh ar an bhfadliosta don Man Booker sa bhliain 2010) péireáilte againn le hamhránaí is scríbhneoir Lisa Hannigan, ina raibh traic s’aici Home scríofa mar fhreagra ar an úrscéal de chuid Paul a bhfuil  daoine an-tógtha leis.  Tá Eoin Colfer againn chomh maith, cruthaitheoir ar an sraith leabhar Artemis Fowl a bhfuil an-tóir ar daoine orthu, ag dul i gcomhar le Carmanach eile agus ceoltóir easaontórach, Pierce Turner, ina ndearna Hot Press cur síos air mar ‘Joyce le guth; Yeats ar scátaí.

Áireoidh breis phéireáil na Picnice na bliana seo: Amy Huberman (aisteoir agus údar sárdhíolta ar Hello, Heartbreak agus I Wished For You) i gcomhar le Róisín Ingle ón The Irish Times; John Boyne (údar ar The Boy in the Striped Pyjamas, úrscéal a chaith ochtó seachtaine dochreidte ar barr liosta leabhar sárdhíolta nahÉIreann) agus Mike McCormack (whose Notes From a Coma a mheas John Waters go raibh ‘an t-úrscéal  is iontaí sna deich mbliana atá thart’); agus Donal Ryan (údar ar The Spinning Heart, a cuireadh ar fhadliosta le déanaí do dhuais Man Booker i mbliana) i gcomhrá le Colm O’Regan (an fear atá freagrach as Isn’t It Well For Ye? The Book of Irish Mammies a bhfuil rath ollmhór ag baint leis).  Ag dul i gcomhar leo siúd thuas, beidh Andy Kershaw, DJ cluiteach ón BBC, láithreoir ar The Old Grey Whistle Test agus Live Aid, agus scríbhneoir ar an mbeathaisnéis, No Off Switch, ardmholta ag Stephen Fry bheith ‘mórthaibhseach.  Thar a bheith greannmhar.  Léamh den scoth.  Fear den scoth’.

Tá sé i gceist againn i mbliana meascán mearaí iomlán d’fhoirmeacha liteartha a thaibhsiú, ní ba lú ar scríbhneoireacht choiméideach is scripte, ina mbeidh fuirseoir Dylan Moran (file ó am go ham agus comhchruthaitheoir ar, Black Books, a bhuaigh BAFTA faoi dhó), agus Stuart Carolan i gcomhar le Aidan Gillen (scríbhneoir ar Love/Hate agus ar ceann de na carachtair mhíchlúiteacha ba chuimhniúla, John Boy Power).  Beimid ag déanamh ceiliúradh freisin ar shaothar spreagúil go croí ó anuraidh Good Vibrations (curtha síos ag Mark Kermode mar ‘iontas dearfa le fíor-chroí is fíor-anam’) le hábhar an scannáin, Terri Hooley nach féidir a choimeád thíos, chomh maith leis na scríbhneoirí scripte, Colin Carberry agus Glenn Patterson.  Agus cá bhfios lucht na gceol eile a mheallfamid nó a chuirfimid ina luí orthu le gabháil cheoil de chuid The Undertones’ lena sáramhrán Teenage Kicks a thaibhsiú, ina scaoileadh amach tuairim is cúig bliana is tríocha ó shin ar lipéad Good Vibrations.

Chomh maith leis na himeachtaí thuas, déanfaimid óstú ar thaibhisthe scáileáin roghnacha ag iarnóin an Aoine inár bPuball Liteartha (ar a athainmníodh Electric Flix-nic don ócáid).  Le taibhsiú, beidh an clár faisnéise Barbaric Genius, an portráid tharraingteach  de chuid Paul Duane ar John Healy; agus Good Vibrations, an scannán Éireannach ab ansa anuraidh.

Is í Sinéad Gleeson, comhfhreagraí ealaíon leis an The Irish Times, a bheidh i gceannas ar imeachtaí na deireadh seachtaine, gan trácht a ról mar rannphairtí rialta ar chlár ealaíon de chuid RTÉ, The Works, i gcomhar le Mick Heaney (The Irish Times).

Tá Puball Liteartha na Comhairle Ealaíon i mbliana faoi choimeád ag Raymond Bell, eagarthóir ar Possessed of a Past: A John Banville Reader (Picador).
Ord Reatha
Dé hAoine, 30 Lúnasa 2013
(taibhisthe scannáin amháin)

18:00-18:45 Electric Picnic: A Documentary - scannán déanta ag Image Now Films sa bhliain 2006, le ceol ó Arcade Fire, Nick Cave agus P J Harvey is eile

19:00-20:15 Barbaric Genius - clár faisnéise ardmheasta ar shaol scríofa John Healy (údar ar The Grass Arena)

20:30-22:15 Good Vibrations - (beidh an t-ábhar againn, Terri Hooley, agus scríbhneoirí scripte na scannán, Colin Carberry agus Glenn Patterson, ag freastal Dé Domhnaigh, chomh maith le haíonna ceolmhara)


Dé Sathairn, 31 Lúnasa 2013

14:00-15:00 John Boyne agus Mike McCormack

15:00-16:00 Amy Huberman le Róisín Ingle

16:00-17:00 Paul Murray le Lisa Hannigan

17:00-18:00 John Healy le Colm Mac Con Iomaire

18:00-19:00 Stuart Carolan le Aidan Gillen
Dé Domhnaigh, 1 Meán Fómhair 2013

14:00-15:00 Donal Ryan i gcomhrá le Colm O’Regan

15:00-16:00 Eoin Colfer leis an amhránaí is scríbheoir Pierce Turner

16:00-17:00 Andy Kershaw

17:00-18:00 J P Donleavy

18:00-19:00 Dylan Moran

19:00-20:00 A Hooley for Hooley - an criú Good Vibrations: Terri Hooley, le scríbhneoirí scripte Colin Carberry agus Glenn Patterson, chomh maith le haíonna ceolmhara a thiocfaidh gan coinne

 
Funnelling the Dish (cré-umha) - Eilis O'Connell, 1988, Bailiúchán na Comhairle Ealaíon - dánlann fhíorúil.
arrow bullet iconFunnelling the Dish (cré-umha) - Eilis O'Connell, 1988, Bailiúchán na Comhairle Ealaíon - dánlann fhíorúil.
Cad atá nua
» Breis nuachta
»RSS | Céard é seo?