Cuirfidh an Chomhairle Ealaíon tairiscint ar phainéal Comhlach Cruthaitheach isteach go luath in 2020 chun tacú le Scoileanna Ildánacha a sheachadadh don bhliain acadúil 2020-21 ar aghaidh. Coinnigh súil ar ár suíomh gréasáin agus ár nuachtlitir i gcomhair nuashonruithe.
Is deis iontach é seo le haghaidh ealaíontóirí, cleachtóirí cruthaitheacha agus daoine aonair atá ag obair in eagraíochtaí in earnáil na n-ealaíon agus san earnáil chultúrtha.
Tionscnamh suaitheanta is ea Scoileanna Ildánacha den chlár Éire Ildánach chun cumas na cruthaitheachta i ngach leanbh a chumasú. Tá Scoileanna Ildánacha faoi threoir na Comhairle Ealaíon i gcomhpháirt leis an Roinn Oideachais agus Scileanna agus an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.
Is ealaíontóirí, cleachtóirí cruthaitheacha agus/nó oideachasóirí iad na Comhlaigh Chruthaitheacha a bhfuil tuiscint acu ar na healaíona agus ar an gcruthaitheacht agus a cumas chun saol leanaí agus daoine óga a athrú ó bhonn. Déanfaidh na Comhlaigh Chruthaitheacha riachtanais na scoile a mheaitseáil le deiseanna ealaíon agus cruthaitheachta ina gcóngaracht. Aithneoidh siad réimsí féideartha i gcomhair feabhas agus spreagfaidh siad, fuinnmheoidh siad agus tiomáinfidh siad scoileanna chun le dul i ngleic leo seo. Tríd an tionscnamh ceannródaíoch seo, beidh an deis ag Comhlaigh Chruthaitheacha cruth a chur ar áit na n-ealaíon agus na cruthaitheachta i scoileanna na hÉireann.
Tagann na Comhlaigh Chruthaitheacha ó raon gairmeacha cruthaitheacha, amhail ealaíontóirí, dearthóirí agus ceardaithe nó iad sin a oibríonn i meáin a úsáidtear ar mhaithe le léiriú cruthaitheach nó léirmhínitheach. Tagaidís ó earnáil na n-ealaíon, an chultúir, na hoidhreachta, ó thionscail chruthaitheacha, eolaíochta nó ó earnálacha eile, tugann siad dúshlán, tacaíonn siad agus cothaíonn siad cleachtas nua i réimse na n-ealaíon, an chultúir agus na foghlama cruthaithí.
Fógrófar na Deiseanna do Chomhlaigh Chruthaitheacha ar ár suíomh gréasáin agus sa nuachtlitir - cláraigh leis an nuachtlitir ag an nasc seo:
http://www.artscouncil.ie/about-us/newsletter/