Ár straitéis

Imlíníonn plean straitéiseach na Comhairle Ealaíon, Comhpháirtíocht ar son na nEalaíon (PDF, 0.1 MB), cuspóirí agus tosaíochtaí na Comhairle thar an tréimhse chúig bliana 2006 - 2010. Léirionn sé ár luachanna agus an saindualgas a chuir an Rialtas orainn, ach níos tábhachtaí fós forbraíonn ár saineolas gairmiúil agus ár machnamh, ar an méid a d'fhoghlaimíomar sa chomhphlé leanúnach le lucht na n-ealaíon agus le páirtithe eile faoi na deiseanna agus dúshláin is mó atá rompu sa todhchaí. Soláthraíonn sé forléargas ar an gcur chuige nua atá ag an gComhairle Ealaíon maidir le tacú leis na healaíona.

Comhpháirtíocht ar son na nEalaíon: Cleachtais (PDF, 0.31 MB) - is é seo plean gníomhaíochta de chuid na Comhairle Ealaíon a bheidh i bhfeidhm i gcaitheamh na dtrí bliana amach romhainne. Imlíníonn sé ár gclár oibre trasna 23 réimse beartais. Leagaimid síos beartas le cinntiú go gcaitear ár maoiniú ar bhealach straitéiseach, go léirítear suimeanna fadtréimhseacha lucht na n-ealaíon inár ngníomhaíochtaí ar fad agus go bhfuil ár gcinntí ar fad trédhearcach agus cothrom. Tá sé d'aidhm againn beartais comhaimseartha agus oriúnach a dhéanamh a léiríonn ár ról mar ghníomhaireacht shaineolach sna healaíona.

 
Nettle Coat (nettles, pins, hanger) - Alice Maher,1996, Arts Council Virtual Gallery.
arrow bullet iconNettle Coat (neantóga, pionnaí, crochadán) - Alice Maher, 1996, Bailiúchán na Comhairle Ealaíon - dánlann fhíorúil.
Cad atá nua
» Breis nuachta
»RSS | Céard é seo?
Foilseacháin le déanaí
12 Meitheamh 2013: Title (GA) (PDF, )
09 Aibreán 2013: Arts Council Prompt Payments Report January-March 2013 (PDF, )
09 Eanáir 2013: Title (GA) (PDF, )