Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal de chuid na

Spriocdháta: Spriocdháta thart

Suim a dámhadh: €10000

Foirm ealaíne: Gach ceann díobh

Cineál lucht éisteachta: Ealaíontóir

Comhoibriú No

Áisínteacht sheachtrach: Create

Seoltaí leathanach gréasán na n-áisíneachtaí seachtracha: www.create-ireland.ie

Teagmhálaí: Katherine Atkinson

Post: Project Support and Professional Development

Teileafón: 01 473 6600

Ríomhphost: support@create-ireland.ie


Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal de chuid na Comhairle Ealaíon
Dámhachtain Sparánachta 2012: Na hEalaíona agus Míchumas

Dámhachtain Sparánachta Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal de chuid na Comhairle Ealaíon 2012: Tá sé d’aidhm leis na hEalaíona agus Míchumas tacú le healaíontóirí gairmiúla aonair in aon fhoirm ealaíne atá ag saothrú i réimse na n-ealaíon agus míchumais. Is í seo an tríú bliain ina bhfuil dámhachtain sparánachta €10,000 curtha ar fáil ag an gComhairle Ealaíon mar chuid de Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal, atá á bainistiú ag Create.

Cuspóir agus tosaíochtaí na dámhachtana

Is é cuspóir na sparánachta tacú le cleachtas ealaíne gairmiúil agus é a chothú, agus tá sí dírithe go sonrach ar ealaíontóir(í) a bhí i mbun comhoibrithe agus cleachtais i suíomhanna agus comhthéacsanna míchumais.

Cuirfidh an Dámhachtain Sparánachta €10,000 an t-am agus na hacmhainní ar fáil d’ealaíontóir(í) roghnaithe chun machnamh, taighde agus athbhreithniú a dhéanamh ar chleachtas ealaíne i gcomhthéacsanna míchumais.

Meastar go roinnfidh an t-iarratasóir rathúil an méid a fhoghlaimíonn siad trí bhíthin na sparánachta leis an earnáil ealaíon agus míchumais.

Spriocdháta le haghaidh iarratas: Déardaoin, 25 Deireadh Fómhair ag 5in.

Beidh imeachtaí faisnéise agus plé ar siúl le haghaidh ealaíontóirí a bhfuil spéis acu sa dámhachtain i Sligeach an 27 Meán Fómhair agus i mBaile Átha Cliath an 4 Deireadh Fómhair 2012.

Tuilleadh Faisnéise

Tá Dámhachtain Sparánachta Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal 2012 dírithe go sonrach ar réimse na nEalaíon agus Míchumais. Tá sé d’aidhm léi tacú le healaíontóirí gairmiúla aonair in aon fhoirm ealaíne atá ag saothrú i réimse na nEalaíon agus Míchumais.

Is éard is cuspóir na dámhachtana ná tacú le healaíontóirí gairmiúla a gcleachtas ealaíne a fhorbairt.

Díríonn an dámhachtain ar an luach agus an tairbhe a bhaineann ealaíontóir as síneadh a chur lena thréimhse i mbun cleachtaidh.

Mar sin tugann an dámhachtain am agus acmhainní do na healaíontóirí chun smaoineamh, taighde agus machnamh a dhéanamh agus chun dul i ngleic lena gcleachtas ealaíne. Tá sé dírithe ar ealaíontóirí mar seo a leanas:

  • ealaíontóirí a oibríonn i gcomhar le daoine aonair agus grúpaí chun ealaín a dhéanamh agus a léirmhíniú;
  • ealaíontóirí a dhéanann machnamh ar chaighdeán an chaidrimh ag gach staid den obair (m.sh. i bpleanáil, déantús agus measúnú an tsaothair) agus a thugann tús áite dó sin;

I measc na dtograí féideartha, áirítear tograí a chuireann ar chumas ealaíontóirí atá ag saothrú i réimse na n ealaíon agus míchumais a gcuid smaointe agus a gcleachtas comhoibríoch/rannpháirtíochta i leith na n-ealaíon a fhorbairt trí na nithe seo a leanas:

  • taighde, idirphlé agus idirbheartaíocht chomhpháirtíochtaí straitéiseacha
  • déanamh ealaíne rannpháirtíochta/comhoibríoch, machnamh criticiúil agus measúnú
  • cleachtas a théann i gcion ar shraitheanna malartacha agus éagsúla cleachtais ealaíon chomhaimseartha agus a leathnaíonn iad Cuirfidh

Create, i gcomhpháirt le Arts & Disability Ireland, imeachtaí faisnéise agus plé ar siúl le haghaidh ealaíontóirí a bhfuil spéis acu sa dámhachtain i Sligeach an 27 Meán Fómhair agus i mBaile Átha Cliath an 4 Deireadh Fómhair 2012.

Aimsigh uirlis mhaoinithe