An chónachtainí dEalaíontóirí in Obair don Ó
Spriocdháta:
Spriocdháta thart
Suim a dámhadh:
€5000
Foirm ealaíne:
Daoine óga, páistí agus na healaíona
Cineál lucht éisteachta:
All (GA)
Comhoibriú
Yes
Áisínteacht sheachtrach:
National Youth Council of Ireland
Seoltaí leathanach gréasán na n-áisíneachtaí seachtracha:
http://www.youtharts.ie
Teagmhálaí:
Arts Team
Teileafón:
01 478 4122
Ríomhphost:
sile@nyci.ie
Arna feidhmiú ag Comhairle na nÓg
Déanann an Chomhairle Ealaíon cómhaoiniú ar an scéim seo ach is Comhairle na nÓg a riarann í. Tabhair faoi ndeara go bhféadfadh coinníollacha agus critéir eile a bheith ag baint leis an dámhachtain seo seachas na cinn a bhaineann le dámhachtana atá á riaradh go díreach ag an gComhairle Ealaíon. Ba chóir iarratais ar eolas nó foirmeacha iarratais a sheoladh go díreach chuig Comhairle na nÓg.
Cur síos
Bunaíodh an Chónaitheacht dEalaíontóirí in Obair don Óige chun deiseanna níos fearr agus níos leithne a thabhairt do dhaoine óga chun blaiseadh de na healaíona lasmuigh den earnáil oideachais fhoirmiúil. Is í aidhm na cónaitheachta ná comhar ealaíne a chothú idir ealaíontóirí gairmiúla agus daoine óga. Beidh deis ag daoine óga a bheith ag obair i gcomhar le sárchleachtóirí ealaíne, agus a bheith ag foghlaim uathu freisin. Ar an láimh eile, beidh ealaíontóirí in ann a gcleachtas gairmiúil féin a shaibhriú trína gcuid oibre le daoine óga.
Is féidir le hógeagraíochtaí nó cuibhreannas deagraíochtaí iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú le tionscadal ealaíne don óige a sholáthar i dteannta le healaíontóir proifisiúnta. Tá dhá sraith sa scéim seo, forbairt tuaithe na n-ealaíon don óige agus forbairt uirbeach na n-ealaíon don óige. Do chuspóirí na scéime seo, bheadh cónaitheacht uirbeach le déanamh i gcathracha cosúil le Baile Átha Cliath, Port Láirge, Corcaigh, Luimneach nó Gaillimh agus bheadh cónaitheacht tuaithe in áit eile ar bith taobh amuigh de na cathracha sin.
Spriocdháta
De ghnáth ag deireadh Meán Fómhair ach seiceáil le do thoil leis an gClár Náisiúnta um Ealaíona don Óige nó féach ar www.youtharts.ie leis an dáta a chinntiú.
Sonraí teagmhála
An Clár Náisiúnta um Ealaíona don Óige
Comhairle na nÓg
3 Sráid Montague
Baile Átha Cliath 2
ÉireTeil: +353 1 478 4122
Facs: +353 1 478 3974
Ríomhphost: sile@nyci.ie
Gréasán: www.youtharts.ie